“Go deimhin ní thagann aon athrú ormsa, an Tiarna, riamh. Ach is sibhse clann mhac Iacóib i gcónaí!
Lúcás 24:14 - An Bíobla Naofa 1981 agus bhí siad ag comhrá le chéile faoi na nithe seo uile a bhí tar éis titim amach. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus iad ag comhrá le chéile faoina raibh i ndiaidh titim amach. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus bhí siad ag cómhrádh le chéile fá na neithe seo uilig a thárla. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do bhíodar ag cómhrádh le chéile i dtaobh na neithe sin uile do thuit amach. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do bhádar ag labhairt eatarra féin ar na neithibhsi uile tarla ann. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus bhíodar ag caint eatartha féin ar na neithe sin go léir a bhí tuitithe amach. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus bhí siad ag comhrá le chéile faoi na nithe seo uile a bhí tar éis titim amach. |
“Go deimhin ní thagann aon athrú ormsa, an Tiarna, riamh. Ach is sibhse clann mhac Iacóib i gcónaí!
Agus an lá sin féin, bhí beirt acu ag dul go dtí baile darbh ainm Eamáus a bhí céad staid seascad ó Iarúsailéim,
Agus sa chomhrá dóibh agus sa chur trí chéile, dhruid Íosa féin leo agus shiúil lena gcois;
Tógann an dea-dhuine an dea-rud amach as dea-stór a chroí, agus tógann an drochdhuine an drochrud amach as a dhrochstór. Óir is as iomarca a chroí a labhraíonn a bhéal.
Déan iad a theagasc go dúthrachtach do do chlann, agus iad a aithris dóibh i do shuí i do theach duit, nó ag siúl na slí, nó i do luí nó ag éirí duit.