Bhí mná ann agus iad i bhfad uaidh ag breathnú. Bhí Máire Mhaigdiléana orthu, agus Máire máthair Shéamais Bhig agus Iósaef, agus Salómae.
Lúcás 24:1 - An Bíobla Naofa 1981 An chéad lá den tseachtain, go lánmhoch ar maidin, tháinig siad go dtí an tuama agus na spíosraí acu a bhí ullmhaithe acu. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach ar an gcéad lá den tseachtain, le scaradh oíche agus lae le chéile, chuaigh siad faoi dhéin an tuama, agus iad ag iompar leo na spíosraí a bhí ullmhaithe acu. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus an chéad lá de’n tseachtmhain, go fíor-luath ar maidin, tháinic siad go dtí an tuamba, ag tabhairt leo na spíosraí a d’ullmhuigh siad, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do ghlacadar a suaimhneas, lá na sabóide, de réir na h‐aithne. Acht an chéad lá de’n tseachtmhain, le fáinniú an lae go moch, thángadar go dtí an tuama, agtabhairt na spíosraidh do bhí ullmhuighthe aca leo. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an céadlá don tseachdmhuin, tangadar go romhoch ar maidin, chum an túama, ag tabhairt léo na neitheadh deaghbhaluidh dullmhuigheadar, agus mná áirighe eile maille ríu. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ach an chéad lá de’n tseachtmhain, go h-ana-mhoch ar maidin, thánadar go dtí an tuama agus thugadar leó an spíosra a bhí ollamh acu. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 An chéad lá den tseachtain, go lánmhoch ar maidin, tháinig siad go dtí an tuama agus na spíosraí acu a bhí ullmhaithe acu. |
Bhí mná ann agus iad i bhfad uaidh ag breathnú. Bhí Máire Mhaigdiléana orthu, agus Máire máthair Shéamais Bhig agus Iósaef, agus Salómae.
Ba iad siúd, Máire Mhaigdiléana, agus Ióanna, agus Máire máthair Shéamais. Na mná eile a bhí leo, dúirt siadsan freisin an méid sin leis na haspail.
Agus go deimhin, tá mná dár muintir tar éis alltacht a chur orainn. Ar dhul go dtí an tuama dóibh go moch ar maidin,