Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 23:54 - An Bíobla Naofa 1981

B'é lá an ullmhaithe é, agus an tsabóid ag druidim leo.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Ba é lá an Ullmhaithe é, ach go raibh spéartha lá na sabóide ag gealú.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus bhí an t-ullmhughadh ann, agus an tsabóid ag teacht.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus ba é lá an Ullmhuighthe do bhí ann, agus do bhí an tsabóid ag teacht.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus do bé sin lá a nullmhuighthe, agus do bhí an tsabbóid ag druid ríu.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus bhí lá an ollamhuighthe ann, agus bhí an tsabbóid ag teacht.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Ba é lá an ullmhaithe é, agus an tsabóid ag druidim leo.

Féach an chaibidil



Lúcás 23:54
6 Tagairtí Cros  

Lá arna mhárach, is é sin le rá, an lá tar éis an ullmhaithe, chuaigh na hardsagairt agus na Fairisínigh i dteannta a chéile go dtí Pioláit


Agus nuair a bhí an tráthnóna cheana féin ann, ós rud é gurb é Lá an Ullmhaithe é (is é sin an lá roimh an tsabóid)


Ansin thóg sé anuas den chros é, d'fhill i línéadach é agus chuir i dtuama é a bhí gearrtha sa charraig, nár cuireadh aon duine ann roimhe riamh.


Ba é lá an ullmhaithe don Cháisc é, timpeall an séú huair. Dúirt sé leis na Giúdaigh: “Féach, sin é bhur rí!”


Ba é lá an ullmhaithe é, agus ionas nach bhfanfadh na coirp ar chros le linn na sabóide - óir ba lá mór sollúnta an tsabóid sin - rinne siad achainí ar Phioláit go ndéanfaí na lorgaí a bhriseadh agus na coirp a chartadh as an tslí.


Is ansiúd a chuir siad Íosa, de bhrí gurbh é lá ullmhaithe na nGiúdach é, agus ó bhí an tuama in aice láimhe.