Sea, d'iompaigh mé i leataobh, ach tháinig aithrí orm ó shin; tháinig tuigsin chugam, bhuail mé m'ucht. Bhí deargnáire orm, níor thóg mé mo cheann; sea, lean dom go fóill míchlú m'óige.’
Lúcás 23:48 - An Bíobla Naofa 1981 Agus na sluaite uile a bhí bailithe chun an radharc seo a fheiceáil, nuair a chonaic siad na nithe a tharla, chuaigh siad ar ais ag bualadh a n‑uchta. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus maidir leis na sluaite uile a bhí cruinnithe le hamharc ar a raibh le feiceáil, nuair a chonaic siad an ní a tharla, dʼfhill siad abhaile agus iad ag bualadh bos ar a n‑uchta. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus an sluagh sin uilig a bhí i láthar ag an radharc úd, nuair a chonnaic siad na neithe a thárla, phill siad thar ais ag bualadh a n-ucht. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus na sluaighte tháinig le chéile ag féachain ar an radharc sin, nuair do chonnacadar gach a dtarla, d’fhilleadar agus iad ag bualadh a n‐ucht. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an pobal uile tháinic a náoinfheachd dá fhéachainsion, a núair do chunncadar na neithe do rinneadh ann, ag búaladh a nochda, do fhilleadar air a nais. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus an tsluagh go léir daoine a bhí ann ag féachaint ar an radharc san, agus do chonaic na neithe a thuit amach, thánadar thar n-ais agus iad ag bualadh a n-ucht. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus na sluaite uile a bhí bailithe chun an radharc seo a fheiceáil, nuair a chonaic siad na nithe a tharla, chuaigh siad ar ais ag bualadh a n-uchta. |
Sea, d'iompaigh mé i leataobh, ach tháinig aithrí orm ó shin; tháinig tuigsin chugam, bhuail mé m'ucht. Bhí deargnáire orm, níor thóg mé mo cheann; sea, lean dom go fóill míchlú m'óige.’
Ach sheas an poibleacánach i bhfad siar, agus níorbh áil leis fiú amháin a shúile a ardú chun na bhflaitheas, ach é ag bualadh a uchta, ag rá: ‘A Dhia, glac trua dom, an peacach.’
Agus bhí cách ag gol agus ag mairgneach os a cionn. Ach dúirt sé: “Ná bígí ag gol, óir ní marbh atá sí ach ina codladh.”
Chuaigh an chaint sin go dtí an croí iontu agus dúirt siad le Peadar agus leis na haspail eile: “Cad atá le déanamh againn, a bhráithre?”