An té a chuireann d'fhiacha ort dul aon mhíle amháin leis, gabh leis an dá mhíle.
Lúcás 23:26 - An Bíobla Naofa 1981 Agus iad á sheoladh leo, leag siad lámh ar dhuine áirithe, Síomón, Cuiréanach, a bhí ag teacht ón tuath, agus bhuail siad an chros air lena hiompar i ndiaidh Íosa. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Nuair a bhí siad á tharraingt as, rug siad ar dhuine as tír isteach a raibh Síomón Círéanach mar ainm air, agus leag siad an chrois ar a ghualainn, lena hiompar i ndiaidh Íosa. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a bhí siad ghá bhreith leo, rug siad ar Shíomon, duine áirithe as an Chuiréin, agus é ag teacht ó’n tuaith, agus chuir siad an chros air le h-iomchar ar chúl Íosa. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair do sheoladar leo é, rugadar ar dhuine ó Churéne darbh ainm Síomón, do bhí ag teacht isteach ó’n tuaith, agus do chuireadar an chroch airsean chum í d’iomchar i ndiaidh Íosa. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tan do rugadar léo é, ar mbreith ar Shiréanach áirighe, dar bhainm Simon, do bhí ag teachd ón túaith, do chuireadar an chroch air, dá hiomchara ndíaigh Iósa. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus nuair a bhíodar ’ghá bhreith leó do rugadar ar dhuine ó Chíréné dár bh’ainim Símón, agus é ag teacht isteach ó’n dtuaith, agus chuireadar an chros ar a mhuin chun í dh’iompar i ndiaidh Íosa. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus iad dá sheoladh leo, leag siad lámh ar dhuine áirithe, Síomón Círéinéach, a bhí ag teacht ón tuath, agus bhuail siad an chros air lena hiompar i ndiaidh Íosa. |
An té a chuireann d'fhiacha ort dul aon mhíle amháin leis, gabh leis an dá mhíle.
Cibé nach ndéanann a chros a iompar agus teacht i mo dhiaidh, ní féidir dó bheith ina dheisceabal agam.
scaoil sé saor é siúd a teilgeadh i bpríosún mar gheall ar an gcíréib agus ar an dúnmharú - an té a d'iarr siad - ach thug sé Íosa suas chun a dtola.
Dúirt sé le cách: “Más áil le haon duine bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin, tógadh suas a chros gach lá, agus leanadh mé.
Bhí san Eaglais in Aintíoch na fáithe agus na múinteoirí seo a leanas: Barnabas, Simeon - Simeon Dubh mar a thugtaí air, Lúicías Cuiréanach, Manaéan a bhí ina chomhalta ag Héaród an rí cúige, agus Sól.
Frigia agus Paimfíle, áitritheoirí na hÉigipte agus chríocha na Libia thart faoi Chuiréiné, cuairteoirí ón Róimh
Thug siad i láthair na n‑aspal iad, agus tar éis dóibh sin urnaí a dhéanamh leag siad a lámha orthu.
Bhí daoine áirithe de chuid “Sionagóg na Saorfhear” mar a thugtaí uirthi - daoine ó Chuiréiné agus ó Chathair Alastair, ón tSiléis agus ón Áise, agus thosaigh siad ag argóint le Stiofán