Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 22:59 - An Bíobla Naofa 1981

Agus i gcionn timpeall aon uaire amháin, dhearbhaigh duine eile á rá: “Is cinnte go raibh sé seo freisin in éineacht leis siúd, agus, rud eile de, is Gailíleach é.”

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Agus nuair a chuaigh tuairim is uair a chloig thart thosaigh an tríú fear ar a dhearbhú agus dúirt sé, “Scéal cinnte é go raibh an fear seo ina chuideachta; mar is Galailéach é.”

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus nuair a chuaidh seal de thuairim uaire thart, dearbhuigh duine áirithe eile, ag rád: Go deimhin bhí sé seo ina chuideachta siúd, óir is Gaililéach fosta é.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus fá thuairim uaire an chluig ’n‐a dhiaidh sin, adubhairt duine eile go cruinn, Go cinnte do bhí sé seo, leis, ’n‐a fhochair siúd, óir is Galiléach é.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus a dtimcheall áonuáire amháin na dhiáigh sin, do dhearbhuigh neach áirighe ele, ag rádh, Go firinneach do bhí an tési leis na fhochair súd: óir is Galiléeach é.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus i gcionn tímpal uair a’ chluig ’n-a dhiaidh san dubhairt duine eile: Go deimhin bhí sé seo ’n-a theannta súd, mar is Gaililíach é.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Agus i gceann timpeall aon uaire amháin, dhearbhaigh duine eile dá rá: “Is cinnte go raibh sé seo freisin in éineacht leis siúd, agus, rud eile de, is Gailíleach é.”

Féach an chaibidil



Lúcás 22:59
5 Tagairtí Cros  

Ach dúirt Peadar: “Níl a fhios agam cad tá tú a rá, a dhuine!” Agus ar an mball, le linn dó bheith ag caint, ghlaoigh an coileach.


“Ag rámhaillí atá tú,” ar siadsan léi, ach dhearbhaigh sise gurbh fhíor a scéal. “Is é a aingeal coimhdeachta atá ann,” arsa siadsan.