Ach seo duine de chompánaigh Íosa a shín a lámh chun a chlaímh agus a tharraing, gur bhuail sé seirbhíseach an ardsagairt gur bhain an chluas de.
Lúcás 22:38 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt siad: “A Thiarna, féach, tá dhá chlaíomh anseo.” Dúirt sé leo: “Is leor.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dúirt siad, “Féach, a Thiarna, seo dhá chlaíomh.” Agus dúirt sé leo, “Déanfaidh sin cúis.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht dubhairt siad-san: A Thighearna, féach, tá dha chlaidheamh annseo. Agus dubhairt seisean leo: Is leor sin. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhradar, A Thighearna, féach, atá dhá chlaidheamh annso. Agus adubhairt sé leo, Is leor sin. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd a dubhradarsan, A Thighearna, féuch, dhá chloidheamh ann so. Achd a dubhaier seision ríu, Is lór sin. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhradar-san leis: Féach, a Thighearna, dhá chlaidheamh anso. Agus dubhairt sé leó: Ní bheag san. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt siad: “A Thiarna, féach, tá dhá chlaíomh anseo.” Dúirt sé leo: “Is leor sin.” |
Ach seo duine de chompánaigh Íosa a shín a lámh chun a chlaímh agus a tharraing, gur bhuail sé seirbhíseach an ardsagairt gur bhain an chluas de.
Dúirt siad: “Ní raibh.” Dúirt sé leo: “Anois, áfach, an té a mbíonn sparán aige, beireadh sé leis é, agus an té a mbíonn tiachóg aige mar an gcéanna; an té fós, nach mbíonn claíomh aige, díoladh sé a bhrat chun ceann a cheannach.
Nuair a chonaic a mhuintir cad a bhí chucu, dúirt siad: “A Thiarna, an mbuailfimid buille chlaíomh?”
D'fhreagair Íosa: “Ní den saol seo mo ríocht. Dá mba den saol seo mo ríocht, throidfeadh mo sheirbhísigh ionas nach dtabharfaí ar láimh do na Giúdaigh mé. Ach anois ní as seo mo ríocht.”
Ach ós den lá sinne, fanaimis ar ár gciall; cuirimis umainn an creideamh agus an grá mar lúireach agus dóchas ár slánaithe mar chafarr.
Seasaigí an fód ina aghaidh agus sibh daingean sa chreideamh, agus a fhios agaibh go bhfuil sé i ndán do bhur mbráithre ar fud an domhain na nithe céanna a fhulaingt.