Lúcás 22:25 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt sé leo: “Ríthe na náisiún, bíonn siad ag rialúchán orthu, agus iad seo a mbíonn údarás acu os a gcionn, tíolaiceoirí a ghlaoitear orthu. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dúirt sé leo, “Bíonn ríthe na nGintlithe ag imirt forlámhais orthu, agus tugtar dea dhaoine déirceacha ar a lucht rialaithe. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt sé leo: Bíonn smacht ag ríghthe na gcinidheach ortha, agus iad sin a mbíonn cumhacht acu ortha, goirtear daoine deigh-ghníomhacha díobh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt sé leo, Gabhann righthe na gCineadhach forlámhas ortha; agus goirthear daoine flaitheamhla dhíobh‐san go bhfuil cumhacht aca ortha. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd a dubhairt seision ríu, Atá tíghearnas ag righthibh seision ríu, Atá tíghearnas ag righthibh na Geinidheach orrtha; agus an dream agá bhfuil cumhachda orrtha goirthear dáoine flaitheamhla dhíobh. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt sé leó: Gabhaid ríghthe na ngeinte forlámhas ortha, agus tugtar daoine foghanta ar na daoine go mbíonn cómhacht acu. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt sé leo: “Ríthe na náisiún, bíonn siad ag rialúchán orthu, agus iad seo a mbíonn údarás acu os a gcionn, ‘tíolaiceoirí’ a ghlaotar orthu. |