Ní chuirfidh drochscéala eagla air; is daingean a chroí, is é an Tiarna a dhóchas.
Lúcás 21:9 - An Bíobla Naofa 1981 Nuair a chluinfidh sibh caint ar chogaí agus ar cheannaircí, ná glacaigí scéin, óir ní foláir na nithe sin a theacht ar dtús, ach ní bheidh an deireadh ann chomh luath sin.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus nuair a mhothóidh sibh iomrá ar chogaí agus ar chorraithe, ná bíodh aon uafás oraibh; mar caithfidh a leithéid a bheith ann an chéad uair ach ní thiocfaidh an chríoch uile san am amháin.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a chluinfeas sibh fá chogtha agus ceannairceacha, ná bíodh scannrughadh oraibh; is éigean do na neithe seo a bheith ann ar dtús, acht ní h-é an deireadh é díreach go fóill. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair do‐chluinfidh sibh trácht ar chogaidhibh agus ar chaismeartaibh, ná bíodh eagla oraibh: óir caithfidh na neithe sin teacht ar dtús; acht ní thig an deireadh de láthair. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tan do chluinfidhe cogtha agus búaidheartha, ná bíodh eagla oruibh: óir is éigin íad so do theachd air tús; achd ní deireadh é fós. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus nuair a dh’aireóchaidh sibh cathana agus caismeartha ná biodh sgannradh oraibh, óir ní foláir na neithe sin a theacht ar dtúis, ach ní deire láithreach é fós. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Nuair a chluinfidh sibh caint ar chogaí agus ar cheannaircí, ná glacaigí scéin, óir ní foláir na nithe sin a theacht ar dtús, ach ní bheidh an deireadh ann chomh luath sin.” |
Ní chuirfidh drochscéala eagla air; is daingean a chroí, is é an Tiarna a dhóchas.
“Ná tabhair comhcheilg ar gach a dtugann an pobal seo comhcheilg air; an ní is eagal leo, ná bíodh eagla ortsa roimhe, ná uamhan.
Dúirt sé leo ansin: “Éireoidh náisiún in aghaidh náisiúin agus ríocht in aghaidh ríochta.
Nuair a thosóidh na nithe sin ag teacht, seasaígí suas agus ardaígí bhur gceann, óir tá bhur bhfuascailt in achmaireacht.”
Dúirt sé: “Bígí aireach agus ná cuirtear amú sibh; óir tiocfaidh mórán i m'ainmse ag rá: ‘Is mise é’; agus: ‘Tá an t‑am in achmaireacht.’ Ná téigí ina ndiaidh.