Beifear ag búiríl ina éadan an lá sin mar bheadh búiríl na farraige ann. Beifear ag breathnú na tíre: dorchadas, duainéis, agus an solas ag dul faoi smúit agus faoi ghruaim.
Lúcás 21:26 - An Bíobla Naofa 1981 daoine i bhfantaisí éaga le barr eagla agus imní faoi na nithe atá le breith ar an gcruinne; óir beidh cumhachtaí na bhflaitheas ar crith. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus beidh daoine ag titim i laige le heagla nuair a bheas leid acu ar a bhfuil ag bagairt ar an saol; mar bainfear croitheadh as cumhachtaí neimhe. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Daoine ag dul i meath le scannrughadh, agus le feitheamh ar na neithe a bhéas le theacht ar an domhan go léir; óir béidh cumhachtaí neimhe dá suathadh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) daoine ag dul i laige le h‐eagla, agus le h‐imnidhe mar gheall ar a bhfuil i ndán do’n tsaoghal: óir corróchar cumhachta neimhe. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus racha a nanam as na dáoinibh tré eagla, agus tré bheith ag feitheamh ris na neithibh thiocfas ar an domhan: oír croithathear cumhachda neimhe. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Daoine d’á bhfeóchadh le sgannradh, ag cuimhneamh ar cad a bheidh le teacht ar an ndomhan go léir, mar beid cómhachta na bhflathas d’á suathadh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 daoine i bhfantaisí éaga le barr eagla agus imní faoi na nithe atá le breith ar an gcruinne; óir beidh cumhachtaí na bhflaitheas ar crith. |
Beifear ag búiríl ina éadan an lá sin mar bheadh búiríl na farraige ann. Beifear ag breathnú na tíre: dorchadas, duainéis, agus an solas ag dul faoi smúit agus faoi ghruaim.
Maidir leo siúd a fhágfar, seolfaidh mé lagar isteach ina gcroí i gcríocha a naimhde; cuirfidh siosarnach duilleoige le gaoth an teitheadh orthu agus teithfidh siad mar a theithfeadh duine ón gclaíomh; titfidh siad gan fear ar a dtóir.
“Tar éis trioblóid na laethanta sin, ní fada go ndorchófar an ghrian, agus ní thabharfaidh an ghealach a soilse, agus titfidh na réaltaí ón spéir, agus beidh cumhachta na bhflaitheas ar crith.
agus beidh na réaltaí ag titim ón spéir, agus beidh cumhachtaí na bhflaitheas ar crith.
“Agus beidh comharthaí sa ghrian agus sa ghealach agus sna réaltaí. Ar an talamh beidh duainéis ar na náisiúin, iad ar mearbhall ó ghlór agus ó mhórtas na farraige;
Agus ansin feicfear Mac an Duine ag teacht sa scamall le cumhacht agus iomad glóire.