Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 21:26 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

26 daoine ag dul i laige le h‐eagla, agus le h‐imnidhe mar gheall ar a bhfuil i ndán do’n tsaoghal: óir corróchar cumhachta neimhe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

26 agus beidh daoine ag titim i laige le heagla nuair a bheas leid acu ar a bhfuil ag bagairt ar an saol; mar bainfear croitheadh as cumhachtaí neimhe.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

26 Daoine ag dul i meath le scannrughadh, agus le feitheamh ar na neithe a bhéas le theacht ar an domhan go léir; óir béidh cumhachtaí neimhe dá suathadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

26 Agus racha a nanam as na dáoinibh tré eagla, agus tré bheith ag feitheamh ris na neithibh thiocfas ar an domhan: oír croithathear cumhachda neimhe.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

26 Daoine d’á bhfeóchadh le sgannradh, ag cuimhneamh ar cad a bheidh le teacht ar an ndomhan go léir, mar beid cómhachta na bhflathas d’á suathadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

26 daoine i bhfantaisí éaga le barr eagla agus imní faoi na nithe atá le breith ar an gcruinne; óir beidh cumhachtaí na bhflaitheas ar crith.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

26 daoine i bhfantaisí éaga le barr eagla agus imní faoi na nithe atá le breith ar an gcruinne; óir beidh cumhachtaí na bhflaitheas ar crith.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 21:26
10 Tagairtí Cros  

Acht annsin, tar éis anró na laethe sin, dorchóchaidh an ghrian, agus ní thiubhraidh an ghealach a solas, agus tuitfidh na réaltana ó’n spéir, agus na cumhachta atá ins na flaitheasaibh, béidh siad d’á suathadh:


agus na cumhachta atá ins na flaitheasaibh, béidh siad d’á luascadh.


Agus béidh cómharthaí i ngréin, agus i ré, agus i réaltanaibh; agus béidh anró ar talamh i measc na gcineadhach, agus mearbhall ortha ó fhothram na fairrge agus na dtonn;


Agus annsin do‐chífid Mac an Duine ag teacht i scamall le cumhacht agus le glóir mhóir.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí