Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Íseáia 5:30 - An Bíobla Naofa 1981

30 Beifear ag búiríl ina éadan an lá sin mar bheadh búiríl na farraige ann. Beifear ag breathnú na tíre: dorchadas, duainéis, agus an solas ag dul faoi smúit agus faoi ghruaim.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

30 Agus annsa lósin conghairfid na aghaidh amhuil confadh na fairge: agus má fhéuchann aon ar an ttír, féuch dorchadas agus dóbron, agus dorchuighthear an solus sin annsna neamhuibh.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 5:30
24 Tagairtí Cros  

sula ndorchaítear ar an ngrian agus ar sholas an lae, ar an ngealach agus ar na réaltaí, agus sula bhfille na néalta tar éis na fearthainne;


Óir réaltaí neimhe ina mbuíonta, ní chuirfidh siad a solas ag lonrú a thuilleadh; tiocfaidh smúit ar an ngrian ar éirí di, ní thabharfaidh an ghealach a solas níos mó.


Éistigí! Torann ar na sléibhte mar bheadh slua ollmhór ag callán. Éistigí! Búirthíl na ríochtaí agus na náisiún i dtionól. Is é Tiarna na Slua atá ag gairm slógadh chun catha.


Och: búiríl na sluaite ollmhóra, búiríl mar a bheadh búiríl na mórmhara, tuargaint na náisiún ag tuargaint mar a bheadh tuargaint an lán mara.


Fáistine dar teideal: Ainmhithe na Tíre Theas. Trí dhúiche an anró agus na hanbhuaine is fearann don leon baineann, do leon na búiríola, don nathair nimhe agus don dragan eiteogach, a saibhreas ar dhroim asal acu, a dtaiscí ar chruit chamall acu, agus iad á n‑iompar chuig pobal nach fearrde iad é.


Dá thairbhe sin is fada an ceart uainn agus ní thagann an fhíréantacht suas linn. Bímid ag dréim leis an solas, agus seo dorchadas, le gealán gréine, agus tá muid ag siúl faoi ghruaim.


nó ag breathnú síos ar an talamh, níl ann ach anbhroid agus dorchadas, gruamacht na hanbhuaine, agus ní fheicfidh siad ach an oíche.


Tugaigí glóir don Tiarna ár nDia sula mbéarfaidh sé dorchadas anuas, sula dtuisleoidh bhur gcosa ar na sléibhte dorcha. Tá súil agaibh le solas, ach fillfidh seisean i scáile é, déanfar de dorchacht tiubh.


“Is mar seo a deir an Tiarna: chuala [mé] guth criothnaithe, guth eagla, agus ní guth síochána é.


troideann siad le bogha agus ga; tá siad cruálach, míthrócaireach; is cosúil a bhfuaim le búiríl na farraige tá siad ag marcaíocht ar eachra, tá gach fear acu in eagar catha i d'aghaidhse, a iníon na Bablóine.


tá bogha agus gath i ngreim acu, tá siad cruálach, míthrócaireach; is cosúil a bhfuaim le búiríl na farraige; tá siad ag marcaíocht ar eachra, tá gach fear acu in eagar catha i d'aghaidhse, a iníon Shíón.


Ní sa solas ach sa dorchadas a thiomáin agus a sheol sé mé.


dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, a Thuír, tá mise i do choinne. Tabharfaidh mé ar mhórán ciníocha éirí i do choinne nuair a choipeann an fharraige na tonnta.


Tá an talamh ar crith agus na spéartha suaite rompu; tá an ghrian agus an ghealach ag dorchú agus na réaltaí ag cailleadh a ngile.


Is mairg daoibh atá ag tnúth le lá an Tiarna. Cad é lá an Tiarna daoibh? Is dorchadas é agus ní solas;


An lá sin, a deir an Tiarna mo Dhia, tabharfaidh mé ar an ngrian dul faoi um nóin, agus clúdóidh mé an tír le dorchadas i lár an lae ghil.


“Tar éis trioblóid na laethanta sin, ní fada go ndorchófar an ghrian, agus ní thabharfaidh an ghealach a soilse, agus titfidh na réaltaí ón spéir, agus beidh cumhachta na bhflaitheas ar crith.


Nuair a d'oscail sé an séú séala, d'fhéach mé; agus tharla crith mór talún, agus dhubhaigh an ghrian mar éadach róin, agus dheargaigh an ghealach go léir mar fhuil,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí