Ligigí dóibh. Daill iad ina ngiollaí i gcionn dall, agus má bhíonn dall ina ghiolla i gcionn daill, titfidh siad araon sa díog.”
Lúcás 20:8 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt Íosa leo: “Nílimse chun a insint daoibhse ach oiread cén t‑údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dúirt Íosa leo, “Ní inseoidh mise daoibh ach oiread cad é an t‑údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt Íosa leo: Agus ní innsim-se díbh-se acht a oiread cad é an t-ughdarás le n-a ndéanaim na neithe seo. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt Íosa leo, Ní mó inneosad‐sa dhaoibh‐se cia an t‐ughdarás atá agam chum na neithe seo do dhéanamh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt Iósa ríu, Ní mó innéosas misi dhíbhsi cía an túghdarrás as a ndéunuim na neithesi. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt Íosa leó: Ní lúgha ’ná mar a neósfad-sa dhaoibh-se cad é an t-úghdarás atá agam chun na neithe seo dhéanamh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt Íosa leo: “Nílimse chun a insint daoibhse ach a oiread cén t-údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh.” |
Ligigí dóibh. Daill iad ina ngiollaí i gcionn dall, agus má bhíonn dall ina ghiolla i gcionn daill, titfidh siad araon sa díog.”
Drochghlúin adhaltrach agus í ag lorg comhartha, agus gan de chomhartha le tabhairt di ach comhartha Ióna” - a bhfágáil ansin agus ag imeacht leis.
Agus is é freagra a thug siad ar Íosa: “Níl a fhios againn.” Dúirt seisean leo mar an gcéanna: “Nílimse chun a insint daoibhse ach oiread cén t‑údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh.”
agus is é freagra a thug siad ar Íosa: “Níl a fhios againn.” Agus dúirt Íosa leo: “Nílimse chun a insint daoibhse ach oiread, cén t‑údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh.”
Thosaigh sé ansin ag rá an pharabail seo leis an bpobal: “Phlandaigh duine fíonghort, agus chuir ar cíos chun curadóirí é, agus chuaigh ar an gcoigrích go cionn mórán aimsire.