Ar an lá sin, déanfaidh mé cloch thógála de Iarúsailéim do na náisiúin go léir; na daoine a thugann iarracht ar í a thógáil suas, gortóidh siad iad féin go mór, agus cruinneoidh náisiúin uile an domhain ina haghaidh.
Lúcás 20:18 - An Bíobla Naofa 1981 “Gach aon duine a thitfidh ar an gcloch sin, bascfar é, ach cibé a dtitfidh sí air, déanfaidh sí é a bhrú ina cháith.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Níl duine dá dtitfidh in éadan na cloiche úd nach réabfar ó chéile; ach meilfidh sí go mion an té sin a dtitfidh sí ina mhullach.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Gach aoinneach a thuitfeas ar an chloich sin, brisfear ina phíosaí é; agus an té ar a dtuitfidh sí, meilfidh sí é. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Gach aoinneach thuiteas ar an gcloich sin brisfear é ’n‐a bhroscar; acht an té ar a dtuitfidh sí, meilfidh sí ’n‐a mhion‐luaith é. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Gidh bé duine thuitfeas ar an gcloich úd, do dhéantar greamanna dhe; agus gidh bé duine ar a dtuitfidh sí, do dhéana sí luaithreadh dhe. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) An t-é a thuitfidh ar an gcloich sin, bascfar é; ach an t-é go dtuitfidh sí air, meilfidh sí é. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 “Gach aon duine a thitfidh ar an gcloch sin, bascfar é, ach cibé a dtitfidh sí air, déanfaidh sí é a bhrú ina cháith.” |
Ar an lá sin, déanfaidh mé cloch thógála de Iarúsailéim do na náisiúin go léir; na daoine a thugann iarracht ar í a thógáil suas, gortóidh siad iad féin go mór, agus cruinneoidh náisiúin uile an domhain ina haghaidh.
Nuair a bhí séasúr na dtorthaí ann, chuir sé a chuid seirbhíseach uaidh go dtí na curadóirí chun toradh an fhíonghoirt a fháil.
Aon duine a thitfidh ar an gcloch úd, áfach, bascfar é, ach cibé a dtitfidh sí air, déanfaidh sí é a bhrú ina cháith.”
mar go bhfuil siad ag cur bac orainne labhairt leis na gintlithe d'fhonn is go slánofaí iad. Sa tslí sin tá siad ag cur barr ar a bhfuil de pheacaí déanta acu riamh anall; ach tá fearg Dé tagtha suas leo faoi dheireadh.