ag rá leo: “Téigí isteach sa bhaile atá os bhur gcomhair, agus gheobhaidh sibh láir asail ceangailte agus searrach lena cois;
Lúcás 19:30 - An Bíobla Naofa 1981 “Téigí isteach sa bhaile thall, agus ag dul isteach ann daoibh, gheobhaidh sibh searrach ceangailte nach raibh duine ar bith riamh ar a mhuin; scaoiligí agus tugaigí libh é. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus dúirt sé leo, “Siúlaigí libh isteach sa bhaile beag úd os ár gcomhair, agus Tiocfaidh sibh, ar bhur mbealach isteach, ar shearrach agus é ceangailte, nár shuigh aon duine air roimhe seo; scaoiligí agus tugaigí chugam anseo é. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ag rádh: Téighigidh isteach san bhaile sin thall ós bhur gcómhair: ag dul isteach ann díbh, gheobhaidh sibh searrach asaile ceangailte, nach ndearna duine ar bith marcaidheacht air ariamh; scaoiligidh agus tabhairigidh annseo é. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) g‐á rádh, Téighidh isteach sa mbaile beag atá os bhúr gcómhair; ag dul isteach daoibh ann do‐gheobhaidh sibh searrach ceangailte nar shuidh aon duine riamh fós air: scaoilidh é agus tabhraidh libh é. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ag rádh, Imthighidh don bhaile atá as bhur gcomhair; ar ndul a sdeach ann dáoibh do gheabhtháoi searrach ceangailte, ar na shuidh áon nduine riamh: sgáoilidh, agus tabhruidh libh é. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus go ndubhairt sé leó: Téighidh isteach sa bhaile atá ar bhur n-aghaidh anonn; agus nuair a raghaidh sibh isteach ann gheobhaidh sibh ceangailte ann searrach asail nár shuidh aon duine riamh fós air; sgaoilidh é agus tugaidh chúgham é. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 “Téigí isteach sa bhaile thall, agus ag dul isteach ann daoibh, gheobhaidh sibh searrach ceangailte nach raibh duine ar bith riamh ar a mhuin; scaoiligí agus tugaigí libh é. |
ag rá leo: “Téigí isteach sa bhaile atá os bhur gcomhair, agus gheobhaidh sibh láir asail ceangailte agus searrach lena cois;
Agus nuair a bhí sé ag teacht i ngar do Bhéatfaigé agus do Bhéatáine, i dtreo an chnoic ar a dtugtar Ola-Choill, chuir sé uaidh beirt de na deisceabail, ag rá:
Agus má fhiafraíonn aon duine díbh: ‘Cad chuige a bhfuil sibh á scaoileadh?’ is é a déarfaidh sibh: ‘Mar go bhfuil gá ag an Tiarna leis.’ ”
Agus anois, tá sé inste agam daoibh, sula dtiocfaidh sé chun críche, ionas, nuair a thiocfaidh sé chun críche, go gcreidfidh sibh.