ba cheart duitse mar sin mo chuid airgid a chur chun lucht gaimbín, agus nuair a thiocfainn gheobhainn mo chuid féin ar ais le hús.
Lúcás 19:23 - An Bíobla Naofa 1981 Cad chuige más ea nár chuir tú mo chuid airgid ar gaimbín? Agus nuair a thiocfainn, dhéanfainn é éileamh le hús.’ An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus ó tá sin amhlaidh, cad chuige nár chuir tú mo chuid airgid sa bhanc, go dtógfainn é idir airgead agus bhiseach ag filleadh dom?’ Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus cad chuige nár chuir tú mo chuid airgid san bhainnc, ionnas, ar theacht damh, go n-éilighinn é mar aon le biseach? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) cad chuige, mar sin, nár chuiris mo chuid airgid sa mbannc, i dtreo, nuair thiocfainn, go bhfaighinn ar ais é agus brabach leis? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ar a nadhbharsin créd fá nar chuir tusa mo chuid airgid ann sa mbane, agus ar dteachd damhsa do thóigeubhuinn é maille lé biseach? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus cad ’n-a thaobh nár chuiris mo chuid airgid sa bhanc, i dtreó, nuair a thiocfainn go n-éileócainn é féin agus an t-úncamus? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Cad chuige más ea nár chuir tú mo chuid airgid ar gaimbín? Agus nuair a thiocfainn, dhéanfainn é éileamh le hús.’ |
ba cheart duitse mar sin mo chuid airgid a chur chun lucht gaimbín, agus nuair a thiocfainn gheobhainn mo chuid féin ar ais le hús.
Dúirt sé leis: ‘Tabharfaidh mé breith do bhéil féin ort, a dhroch-sheirbhísigh! Bhí a fhios agat, an raibh, gur duine dian mé, ag glacadh chugam an rud nár chuir mé i dtaisce, agus ag baint an fhómhair nár chuir mé a shíol?
Agus dúirt sé leo seo a bhí i láthair: ‘Bainigí de an míoná, agus tugaigí é dó seo a bhfuil na deich míoná aige.’