D'fhreagair an Tiarna é: “A bhréagchráifeacha,” ar sé, “nach scaoileann gach duine agaibh a dhamh nó a asal ón mainséar lá na sabóide agus nach seolann chun uisce é?
Lúcás 14:5 - An Bíobla Naofa 1981 Agus dúirt sé leo: “An bhfuil aon duine agaibh a dtitfidh a mhac nó a dhamh sa tobar agus nach dtarraingeoidh amach láithreach é lá na sabóide?” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dʼfhiafraigh sé díobh, “Cé agaibh, a dtitfidh a dhamh nó a asal isteach i dtobar lá na sabóide, nach dtarraingeoidh amach é gan mhoill?” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus ghá bhfreagairt, dubhairt sé: Cé agaibh a dtuitfeadh a asal nó a dhamh isteach i bpoll nach dtarraingeochadh amach ar an bhomaite é lá na sabóide? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt sé leo, Cia aca dhíbh‐se, go dtuitfeadh asal nó bó leis isteach i ndíg, lá na sabóide, agus nach dtógfadh aníos é? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ag freagra dhóibhsean, a dubhairt sé, Ciá aguibhsi agá dtuitfaedh a asal nó a ddhamh a ndíg, nach dtoígeabhadh a níos é a lá na sábboíde? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt sé ’ghá bhfreagairt sin: Cé’cu agaibh-se, n-a dtuitfeadh asal leis nó bó leis i bpoll, ná taraiceóchadh amach é lá na sabbóide? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus dúirt sé leo: “An bhfuil aon duine agaibh a dtitfidh a mhac nó a dhamh sa tobar agus nach dtarraingeoidh amach láithreach é lá na sabóide?” |
D'fhreagair an Tiarna é: “A bhréagchráifeacha,” ar sé, “nach scaoileann gach duine agaibh a dhamh nó a asal ón mainséar lá na sabóide agus nach seolann chun uisce é?