Dá bhrí sin, tabharfaidh mé breithiúnas ort, a mhuintir Iosrael; ar gach duine de réir a ghníomhartha - an Tiarna Dia a labhraíonn. Déanaigí aithrí agus tréigigí bhur bpeacaí go léir; seachnaígí gach ócáid scannail agaibh.
Lúcás 13:5 - An Bíobla Naofa 1981 Níor mhó, deirim libh, ach millfear sibh uile mar an gcéanna mura mbíonn aithrí déanta agaibh.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Deirim libh nach amhlaidh, mar mura ndéanann sibh aithrí scriosfar sibh uile go léir ar an nós céanna.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Níor mhó, deirim libh; acht muna ndéanaidh sibh aithrighe, scriosfar sibh uilig mar an gcéadhna. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Adeirim libh, Níorbh eadh: acht muna ndéanaidh sibh‐se aithrighe, bascfar sibh uile ar an gcuma chéadna. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) A deirim ribh, Nach ar mhó; achd mona ndéarntáoisi aithrighe, go sgriosfuidhthear sibh uile mar an gcéadna. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Deirim libh ná rabhadar; ach mura ndeinidh sibh-se aithrighe go dtiocfaidh íde de’n tsaghas chéadna oraibh go léir. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Níor mhó, deirim libh, ach millfear sibh uile mar an gcéanna mura mbíonn aithrí déanta agaibh.” |
Dá bhrí sin, tabharfaidh mé breithiúnas ort, a mhuintir Iosrael; ar gach duine de réir a ghníomhartha - an Tiarna Dia a labhraíonn. Déanaigí aithrí agus tréigigí bhur bpeacaí go léir; seachnaígí gach ócáid scannail agaibh.
Níor mhó, deirim libh; ach mura ndéana sibh aithrí millfear sibh uile mar an gcéanna.
Nó an t‑ocht nduine dhéag úd ar thit an túr orthu i Siolóam agus gur mharaigh iad, an dóigh libh gur mhó a bhí siad i bhfiacha ná an chuid eile d'áitritheoirí Iarúsailéim?
Dúirt sé an parabal seo: “Bhí fear ann a raibh crann fígí curtha ina fhíonghort aige, agus tháinig sé ag lorg toraidh air agus ní bhfuair.