Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 13:3 - An Bíobla Naofa 1981

Níor mhó, deirim libh; ach mura ndéana sibh aithrí millfear sibh uile mar an gcéanna.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Insím daoibh nach bhfuil sin amhlaidh; mura ndéanann sibh féin aithrí scriosfar sibh uile go léir ar an nós céanna.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Níor mhó, deirim libh; acht muna ndéanaidh sibh aithrighe, scriosfar sibh uilig mar an gcéadna.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Adeirim libh, Níorbh eadh: acht muna ndéanaidh sibh‐se aithrighe, bascfar sibh uile ar an gcuma chéadna.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

A deirimsi ribh, Nach mó: achd, muna ndéantáoisi aithrighe, go sgríosfuidhthear sibh euile mar an gcéadna.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Deirim libh nár bh’ eadh; ach mura ndeinidh sibh-se aithrighe tiocfaidh íde de’n tsaghas chéadna oraibh go léir.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Níor mhó, deirim libh; ach mura ndéana sibh aithrí millfear sibh uile mar an gcéanna.

Féach an chaibidil



Lúcás 13:3
16 Tagairtí Cros  

Imíonn sé ansin agus beireann sé in éineacht leis seacht spioraid eile is measa ná é féin: téann siad isteach agus glacann siad áras ann, agus is measa dála an duine sin ar deireadh ná ar dtús. Sin mar a bheidh an scéal ag an drochghlúin seo freisin.”


Tháinig fearg ar an rí, agus chuir sé a shaighdiúirí amach gur chuir siad na scriosadóirí chun báis agus gur loisc siad a gcathair.


“Déanaigí aithrí,” deireadh sé, “mar tá ríocht na bhflaitheas in achmaireacht.”


Dúirt sé leo á bhfreagairt: “An é is dóigh libh, agus a rá gur fhulaing siad an méid sin, gur mhó de pheacaigh na Gailíligh sin ná na Gailíligh eile go léir?


Nó an t‑ocht nduine dhéag úd ar thit an túr orthu i Siolóam agus gur mharaigh iad, an dóigh libh gur mhó a bhí siad i bhfiacha ná an chuid eile d'áitritheoirí Iarúsailéim?


Níor mhó, deirim libh, ach millfear sibh uile mar an gcéanna mura mbíonn aithrí déanta agaibh.”


agus go mbeadh aithrí agus maithiúnas peacaí á bhfógairt ina ainm do na náisiúin uile, ag tosú ó Iarúsailéim.


Déanaigí aithrí dá bhrí sin agus iompaígí chun Dé chun go nglanfar díbh bhur bpeacaí,