“Scaoil liom,” ar sé, “mar tá an lá ag breacadh.” “Ní scaoilfidh mé,” arsa Iacób á fhreagairt, “mura gcuirfidh tú do bheannacht orm.”
Lúcás 11:8 - An Bíobla Naofa 1981 deirim libh, ach mura n‑éirí sé agus iad a thabhairt dó de chionn gur cara dó é, mar sin féin, de chionn a mhínáirí atá sé, éireoidh agus tabharfaidh dó oiread is a bhíonn de dhíth air. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Tá mise á rá libh, siúd is nár thoil leis éirí ná aon ní a thabhairt dó mar mhaithe le é bheith ina chara aige, ach as siocair é leanúint de á agairt air, éireoidh sé agus tabharfaidh sé dó cibé rud atá uaidh. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dá leanadh seisean de bhualadh, deirim libh, bíodh nach n-éireochadh sé le rud a thabhairt dó, as siocair gurab é a charaid é, éireochaidh sé, mar gheall ar a shíor-iarraidh, agus bhéarfaidh sé dó a oiread agus bhéas do dhíth air. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Adeirim libh, Muna n‐éireochaidh sé chum rud do thabhairt dó, toisc gur cara leis é, éireochaidh sé mar gheall ar a shíor‐thathant, agus do‐bhéarfaidh sé dhó cibé nidh atá uaidh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) A deirim ribh, ar néirghe dhó, dá mbeith nach dtiobhradh sé sin úadh, ar son gur chara dhó é, gidheadh go fírinneach ar son a liosdachda do éiréochadh sé, agus do bhéaradh sé dhó an mhéid do bhiadh do riachdanus air. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus má leanann seisean ag bualadh, deirim libh, bíodh ná n-eireóchadh sé agus rud a thabhairt dó toisg gur b’é a dhuine muinteartha é, go n-eireóchaidh sé agus go dtabharfaidh sé dhó pé neithe atá i n-easnamh air, mar gheall ar é bheith chómh leanamhnach. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 deirim libh, ach mura n-éirí sé agus iad a thabhairt dó de chionn gur cara dó é, mar sin féin, de chionn a mhínáirí atá sé, éireoidh agus tabharfaidh dó a oiread is a bhíonn de dhíth air. |
“Scaoil liom,” ar sé, “mar tá an lá ag breacadh.” “Ní scaoilfidh mé,” arsa Iacób á fhreagairt, “mura gcuirfidh tú do bheannacht orm.”
agus go ndéarfaidh an fear istigh á fhreagairt: ‘Ná bí do mo bhuaireamh, óir tá an doras dúnta anois agus mo chlann is mé féin sa leaba, ní féidir dom éirí chun iad a thabhairt duit’; -
Táim á iarraidh d'achainí oraibh, a bhráithre, trínár dTiarna Íosa Críost agus trí ghrá an Spioraid Naoimh, cuidiú liom sa choimhlint atá romham le hurnaithe a dhéanamh chun Dé ar mo shon,
Ba mhaith liom go dtuigfeadh sibh a dhéine a bhím ag coimhlint ar bhur son agus ar son mhuintir Láoidícéa agus ar son an dreama nár leag riamh súil orm.
Cuireann seirbhíseach Íosa Críost, Eipeafras, a bheannacht chugaibh; duine díbh féin is ea é agus bíonn sé ag guí go dúthrachtach oraibh gan stad, á iarraidh sibh a choimeád go daingean diongbháilte ag comhlíonadh toil Dé go hiomlán.
Bhí sí ag sileadh na ndeor os a chomhair ar feadh na seacht lá a mhair a bhféile, agus ar an seachtú lá d'inis sé an freagra di mar gur lean sí uirthi chomh dian sin. Ansin d'inis sise freagra an tomhais dá muintir.