An rud a deirim libh sa dorchadas, abraigí i solas an lae é, agus an cogar a chuirtear in bhur gcluais, fógraígí é ó bharr na dtithe.
Lúcás 11:33 - An Bíobla Naofa 1981 “Ní lasann aon duine lampa agus é chur i bpoll folaigh, ná faoi bhéal na peice, ach ar an gcrann solais, chun go bhfeicfeadh na daoine a thagann isteach an tsoilse. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) “Níl duine ann dá mbíonn tar éis lampa a lasadh a chuireas é i siléar nó faoi bhuiséal, ach in airde ar sheastán, go dtí go bhfeice a dtéann isteach an solas. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Aoinneach a lasas lampa, ní chuireann sé i bhfolach é ná faoi bhocsa an phlúir, acht ar an choinnleoir ionnas go bhfeicidh na daoine a bhíos ag teacht isteach an solus. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Aoinneach lasas lóchrann, ní i soiléar chuireas sé é, ná fá bhéal buiséil, acht cuireann sé ar stáitse é, chum go bhfeicfidh siad‐san thigeas isteach an solas. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ní lasann duine ar bith coinneall, chum a cur a bhfolach, nó faoi bhaiseúl, achd a gcoinnleóir, ionnus go bhfaichfidis an dream thig a sdeach an solus. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ní dheineann aoinne coinneal do lasadh agus ansan í chur i bhfolach, nó i chur fé bhéal árthaigh, ach ar choinnleóir, ionus go bhfeicfeadh na daoine a thagann isteach an solus. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 “Ní lasann aon duine lampa agus é a chur i bpoll folaigh, ná faoi bhéal na peice, ach ar an gcrann solais, chun go bhfeicfidh na daoine a thagann isteach an tsoilse. |
An rud a deirim libh sa dorchadas, abraigí i solas an lae é, agus an cogar a chuirtear in bhur gcluais, fógraígí é ó bharr na dtithe.
D'fhreagair Íosa: “Nach bhfuil dhá uair déag sa lá? Má shiúlann duine sa lá ní fhaigheann sé barrthuisle, mar feiceann sé solas an tsaoil seo.
Tháinig mise, mar sholas, isteach sa saol i dtreo, gach duine a chreideann ionamsa, nach bhfanfadh sé sa dorchacht.