Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 10:4 - An Bíobla Naofa 1981

Ná beirigí sparán libh, ná tiachóg, ná cuaráin, agus ná beannaígí d'aon duine ar an mbóthar.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Ná hiompraígí sparán, ná mála, ná cuaráin; agus ná cuirigí forrán ar aon duine ar an mbealach.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Ná h-iomcharaigidh sparán, ná mála, ná bróga, agus ná beannuighigidh do dhuine ar bith ar an bhealach.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Ná tógaidh libh sparán, ná mála, ná bróga: agus ná beannuighidh d’aon duine ar an mbóthar.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Ná hiomchruidh sbarán, na tiach loín ná bróga: agus ná beannaighidh do neach ar bith sa tslighe.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Ná bíodh agaibh mála ná sparán ná bróga, agus ná deinidh beannachadh d’aoinne ar an slígh.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Ná beirigí sparán libh, ná tiachóg, ná cuaráin, agus ná beannaígí dʼaon duine ar an mbóthar.

Féach an chaibidil



Lúcás 10:4
13 Tagairtí Cros  

Leagadar bia os a chomhair, ach dúirt sé: “Ní bhlaisfidh mé greim nó go mbeidh mo theachtaireacht inste agam.” “Abair leat,” arsa [Lábán].


“Ná cuirigí moill orm,” ar sé leo, “mar is é an Tiarna a chuir bail ar m'aistear. Scaoiligí liom ag triall ar mo mháistir.”


Ansin chuir sí an diallait ar an asal agus dúirt lena searbhónta: “Tiomáin leat! Ar aghaidh leat! Ná moilligh dom nó go ndéarfaidh mé leat é.”


“Cuir do chrios thar do choim,” ar sé ansin le Géichizí, “agus tóg mo bhata i do láimh, agus imigh. Má bhuaileann tú le haon duine, ná beannaigh dó; agus má bheannaíonn aon duine duit, ná tabhair freagra air; agus leag mo bhata ar aghaidh an linbh.”


Féachadh do shúile díreach romhat, agus bíodh d'amharc romhat amach.


Ghlaoigh sé an dáréag chuige agus thosaigh á gcur amach ina mbeirt agus ina mbeirt, agus thug údarás dóibh ar na spioraid mhíghlana.


Dúirt sé leo ansin: “Nuair a chuir mé uaim sibh gan sparán gan tiachóg gan cuaráin, an raibh easnamh ar bith oraibh?”


Dúirt Dáiví ansin le hAichímeilic: “Nach bhfuil aon sleá ná claíomh ar láimh anseo agat? Níor thug mé mo chlaíomh ná m'airm liom mar go raibh práinn le gnó an rí.”