Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 10:36 - An Bíobla Naofa 1981

Cé acu den triúr sin, do bharúil, ba chomharsa don té a tharla i líon na robálaithe?”

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Cé acu den triúr a bhí ina chomharsa dairíre, dar leat, ag an té a tharla ar na bithiúnaigh?”

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Cé acu de’n triúr seo, dar leat, a bhí ina chómharsain ag an té ar casadh na sladairí air?

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Cia aca de’n driúr úd, an measann tú, ba chómharsa do’n duine do theagmhuigh leis na gadaidhthibh?

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

A nois cía don triúrsa, bhreathnaigheas tusa, do bheith na chomharsain ag an tí úd thárla a measg na mbiothamhnach?

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Cé ’cu de’n triúr san is dóigh leat-sa ba chómharsa do’n duine a seóladh ameasg na mbitheamhnach?

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Cé acu den triúr sin, do bharúil, ba chomharsa don té a tharla i líon na robálaithe?”

Féach an chaibidil



Lúcás 10:36
6 Tagairtí Cros  

“Íocann,” ar seisean. Ach ar dhul isteach sa teach dó, bhain Íosa tosach an scéil de á rá leis: “Do bharúilse, a Shiomóin: cé uathu a dtobhann prionsaí an tsaoil seo cíos nó cáin - an óna gclann féin nó ó choimhthígh?”


“Cad é bhur mbarúil faoin gCríost? Cé dó ar mac é?” Dúirt siad leis: “Do Dháiví.”


Agus lá arna mhárach, thóg sé amach dhá dhéanar agus thug don óstóir iad agus dúirt: ‘Déan cúram de, agus cibé méid a chaithfidh tú thairis sin, íocfaidh mé leat é ag filleadh dom.’


Dúirt sé: “An té a rinne an trócaire air.” Dúirt Íosa leis: “Imigh leat, agus déan féin mar an gcéanna.”


Nuair nach raibh an t‑íoc acu, mhaith sé dóibh araon. Cé acu, mar sin, is mó grá dó?”