Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 10:13 - An Bíobla Naofa 1981

“Is mairg duit, a Chorazáin! is mairg duitse, a Bhéatsáide! Óir, dá mba sa Tuír agus sa tSíodón a dhéanfaí na míorúiltí a rinneadh ionaibhse, is fadó a bheadh aithrí déanta acu, iad in éadach saic agus ina suí sa luaithreach.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Mairg duit, a Chorasin! mo mhairg tú, a Bhétsáida! mar dá ndéanfaí i dTior nó i Siodón na fearta móra a rinneadh ionaibhse, bheadh aithreachas déanta acu fadó agus iad ina suí faoi shaicéadach agus faoi luaithreach.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Is mairg duit, a Chorosáin, is mairg duit, a Bhethsaida, óir dá ndéantaí i dTior agus i Sídoin na míorbhailte a rinneadh ionnaibh-se, bhéadh aithrighe déanta i bhfad ó shoin acu, agus iad ina suidhe i n-éadach róin agus i luaith.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Is mairg duit, a Chórasin! is mairg duit, a Bhétsáida! óir dá ndéantaidhe i dTuire agus i Sídóin na míorbhailte do rinneadh ionnaibh‐se, is fada ó bhéadh aithrighe déanta aca, agus iad ’n‐a suidhe i n‐éadach róin agus i luaith.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Is anáoibhinn duit, a Chorásin! as anáoibhinn duit, a Bhetsáida! oir dá madh a Dtírus agus a Sídon, do dhéantáoi na miorbhuile do rinneadh ionnaibhsi, is fada ó da dhéanaidís aithrighe, na suidhe a néadach roín agus a luaithreagh.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Mairg duit-se, a Chorosáin, mairg, duit-se, a Bhetsáida, óir dá ndeintí i dTuíre agus i Sídón na mírbhúiltí a deineadh ionaibh-se, is fadó bheadh aithrighe déanta acu ’n-a suidhe i n-éadach garbh agus i luaithrigh.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

“Is mairg duit, a Chorazain! is mairg duit-se, a Bhéatsáide! Óir, dá mba sa Tuír agus i Siodón a dhéanfaí na míorúiltí a rinneadh ionaibhse, is fadó a bheadh aithrí déanta acu, iad in éadach saic agus ina suí sa luaithreach.

Féach an chaibidil



Lúcás 10:13
17 Tagairtí Cros  

Ar an ábhar sin, séanfaidh mé mo bhriathra féin, Agus déanfaidh mé aithrí sa deannach agus sa luaithreach.


agus bláthfhleasc in ionad luaithrigh, ola na lúcháire in ionad éide an bhróin, moladh in ionad éadóchais. Goirfear dóibh Crainn na Córa, a chuir an Tiarna i dtalamh ar mhaithe lena ghlóir.


San aonú bliain déag, ar an gcéad lá den mhí, tháinig briathar an Tiarna chugam:


Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca na Tuíre, in éiric a ceithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí gur dhíbir siad cine iomlán mar bhránna go hEadóm agus nár chuimhin leo conradh na mbráithre,


Meallfar iad le cur i gcéill lucht éithigh, daoine a bhfuil a gcoinsias mar a bheadh sé brandálta leis an iarann dearg.


Ach fágfaidh mé faoi mo bheirt fhinné é, agus beidh siad ag fáidheoireacht ar feadh míle dhá chéad agus trí fichid lá, agus iad gléasta i sacéadaí.