ach má fhilleann sibh agus m'aitheanta a choimeád agus a chleachtadh, fiú dá mbeadh bhur ndíbeartaigh ar fán thar íor na spéire is faide i gcéin, déanfaidh mé iad a chruinniú ón áit sin agus a thabhairt ar ais chun na háite a roghnaigh mé le m'ainm a lonnú ann.’
Agus tabharfaidh sé báisteach le haghaidh an tsíl a chuirfidh tú sa talamh, agus an t‑arán a thugann an talamh uaidh, beidh sé blasta agus beathúil. Beidh do chuid eallaigh ag innilt an lá sin ar fhéarach leathan.
a d'ordaigh mé do bhur n‑aithreacha nuair a thug mé ón bhfoirnéis iarainn iad, as críoch na hÉigipte. Umhlaígí do mo ghlóir, dúirt mise leo, déanaigí an uile ní a ordóidh mise daoibh, is ansin a bheidh sibhse in bhur bpobal agamsa agus beidh mise i mo Dhia agaibh,
“Beidh rath agus bláth ar a síol; tabharfaidh an fhíniúin a caora agus an talamh a thorthaí; fearfaidh na spéartha a ndrúcht, agus cuirfidh mé iarmhar an phobail seo i seilbh na maitheasaí seo go léir.
Tugaigí na deachúna go léir isteach sa stóras ionas go mbeidh soláthar bia i mo theachsa; agus cuirigí promhadh orm ar an gcuma sin, a deir Tiarna na Slua, féachaint an osclóidh mé fuinneoga neimhe daoibh chun beannachtaí a dhoirteadh anuas oraibh go flúirseach fial.
“Éist leis na dlíthe seo agus bí dílis dóibh agus coimeád iad agus beidh an Tiarna, do Dhia, dílis don chonradh agus don bhuanghrá a mhionnaigh sé do d'aithreacha.