“Maidir libhse, a thréad, seo mar a deir an Tiarna Dia: Tugaim breith idir caoirigh agus caoirigh, idir reithí agus pocáin.
Iúd 1:22 - An Bíobla Naofa 1981 Déanaigí áiteamh ar chuid acu, an mhuintir atá in amhras; An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Cuirigí an fhírinne ina luí ar chuid acu, atá in amhras fúithi; Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Déanaidh trócaire ar chuid de na daoinibh atá ioir dhá chómhairle; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus bíodh truáighe aguibh do dhruing áirighe, ar ndéunamh eidirdhealuighe dhíbh eatorra: An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Déanaigí áiteamh ar chuid acu, an mhuintir atá in amhras; |
“Maidir libhse, a thréad, seo mar a deir an Tiarna Dia: Tugaim breith idir caoirigh agus caoirigh, idir reithí agus pocáin.
Is trua nach bhfuilim in bhur measc an nóiméad seo agus bheadh a mhalairt de phort agam daoibh, de bhrí go bhfuilim i ngalar na gcás agaibh.
A bhráithre, má bheirtear ar dhuine ag déanamh rud éigin as an tslí, sibhse a bhfuil an Spiorad agaibh, déanaigí é a cheartú go mín réidh agus féach chugat féin nach gcuirfear an cathú ort féin leis.
agus cumhdaígí sibh féin i ngrá Dé agus súil agaibh le trócaire ár dTiarna Íosa Críost chun na beatha síoraí.
déanaigí a thuilleadh a sciobadh as an tine agus a shaoradh, agus déanaigí trócaire ar a thuilleadh fós ach eagla oraibh agus fuath agaibh fiú don léine a thruailligh an cholainn.