Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Íseáia 9:10 - An Bíobla Naofa 1981

Ach tá an Tiarna ag dreasú a naimhde i gcoinne an phobail seo, tá sé ag gríosú a gcéilí comhraic:

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Do thuiteadar na bríceadha síos, acht cuirfeimne súas lé clochuibh snoighte: do gearradh na siccamair síos, acht áthrochuimne íad a cédar.

Féach an chaibidil



Íseáia 9:10
6 Tagairtí Cros  

D'fhág an rí go raibh airgead chomh coitianta céanna le clocha in Iarúsailéim, agus céadair chomh flúirseach le seiceamair na nÍsleán.


Thug rí na hAsaíre cluas dó agus ghluais in aghaidh na Damaisce agus ghabh í. Dhíbir sé muntir na cathrach go Cír agus chuir Reizín chun báis.


(Tá Iosrael tar éis a Chruthaitheoir a dhearmad agus páláis a thógáil. Thóg Iúdá a lán cathracha daingne chomh maith. Ach cuirfidh mise tine lena chathracha agus loiscfidh sí a pháláis.)


Má deir Eadóm: “Scriosadh sinn ach atógfaimid na fothraigh,” is é a deir Tiarna na Slua: “Tógaidís iad ach leagfaidh mise ar lár arís iad. Glaofar orthu ‘Dúiche an oilc’ agus ‘An cine a bhfuil an Tiarna i bhfeirg leis de shíor’.”


Agus rith sé roimhe chun cinn agus chuaigh in airde i gcrann seiceamair chun go bhfeicfeadh sé é, óir is thairis sin a bhí sé le gabháil.