Ar cheil mé riamh mo chionta [ó dhaoine]? Agus ar chuir mé m'urchóid i bhfolach i mo chliabh?
Íseáia 39:4 - An Bíobla Naofa 1981 D'fhiafraigh Íseáia arís: “Cad a chonaic siad i do phálás?” D'fhreagair Hiziciá: “Chonaic siad gach a bhfuil i mo phálás: Níl ní ar bith i mo chuid stóras nár thaispeáin mé dóibh.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Annsin a dubhairt seision, Cred do chonncadar ann do thigh? Agus do fhréagair Heseciah, Do chonncadar a nuile ní dá bhfuil ann mo thigh: ní bhfuil aoinni a measg mionnmhuis nach ar thaisbéin mé dhóibh. |
Ar cheil mé riamh mo chionta [ó dhaoine]? Agus ar chuir mé m'urchóid i bhfolach i mo chliabh?
Caith súil uirthi agus imeoidh sí léi, fásfaidh sciatháin uirthi, dála an iolair a eitlíonn chun na spéire.
Ní rithfidh leis an té a cheileann a chionta; ach an té a admhaíonn iad agus a thréigeann iad, déanfar trócaire air.
Ansin tháinig an fáidh Íseáia fá dhéin an rí Hiziciá agus d'fhiafraigh de: “Cad dúirt na daoine sin agus cá has ar tháinig siad go dtí tú?” D'fhreagair Hiziciá: “Tháinig siad ó thír i bhfad i gcéin, ón mBablóin.”
Tabharfaidh mé do mhaoin agus do chiste mar chreach mar íocaíocht ar do pheacaí uile ar fud do thíre.
Ansin dúirt Iósua le hÁcán: “Tabhair glóir don Tiarna, Dia Iosrael, a mhic, agus mol é; inis dom a bhfuil déanta agat agus ná ceil aon ní orm.”
Má admhaímid ár bpeacaí, tá seisean dílis cóir agus maithfidh sé dúinn ár bpeacaí agus glanfaidh sinn ón uile olc.