“Ce chruthaigh béal an duine?” arsa an Tiarna leis, “cé dhéanann balbh é nó bodhar nó radharcach nó dall? Nach mise, an Tiarna?
Íseáia 32:4 - An Bíobla Naofa 1981 beidh croí lucht luathintinne ag cleachtadh críonnachta agus teanga na dtrudairí ag labhairt go héasca agus go soiléir; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Tuigfidh fós croidhe na ndaóine meargánta éolus, agus biáidh teanga na mbriotach réidh chum labhartha go soilléir. |
“Ce chruthaigh béal an duine?” arsa an Tiarna leis, “cé dhéanann balbh é nó bodhar nó radharcach nó dall? Nach mise, an Tiarna?
“Suas an phailm liom,” arsa mise; “béarfaidh mé greim ar a géaga.” Go raibh do chíocha mar chrobhaing fíniúna, boladh úll ar d'anáil.
Tiocfaidh lucht an mhearbhall intinne chun tuisceana, agus rachaidh lucht manráin le foghlaim.”
abraigí le lucht an chroí mhearaithe: “Músclaígí bhur misneach; ná bíodh eagla oraibh. Breathnaígí! Is é bhur nDia atá ann, tá sé chugaibh leis an díoltas atá ag dul daoibh; Dia atá ann ag agairt a chúitimh, agus é ag teacht do bhur slánú.”
San am sin labhair Íosa agus dúirt: “Tugaim buíochas duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talún, de chionn mar a cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus mar a d'fhoilsigh tú do naíonáin iad.
D'fhreagair Íosa agus dúirt sé leis: “Is méanar duit, a Shíomóin Bar Ióna, óir ní fuil agus feoil a d'fhoilsigh duit é ach m'Athair atá ar neamh.
Nuair a chonaic siadsan a dhánacht a bhí Peadar agus Eoin agus nuair a thug siad faoi deara nach raibh iontu ach gháthdhaoine gan léann, bhí an dubhiontas orthu. D'aithin siad ansin gur chomrádaithe d'Íosa ba ea iad.
De réir mar a leath briathar Dé, chuaigh líon na ndeisceabal in Iarúsailéim i méad as cuimse, agus ghlac buíon mhór de na sagairt féin leis an gcreideamh.
ní raibh acu ach scéal scéil “faoin duine úd a bhíodh dár ngéarleanúint tráth agus atá anois ag craobhscaoileadh an chreidimh a bhíodh sé ag iarraidh a scriosadh roimhe seo,”