Chuir mé ceist uirthi: ‘Cé hé d'athair?’ ‘Mise iníon Bhatúél, mac a rug Milceá do Náchór,’ ar sí. Chuir mé an fáinne dá bhrí sin ar a srón agus na bráisléid ar a lámha.
Íseáia 3:21 - An Bíobla Naofa 1981 fáinní, sróiníní, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Na fáinnidhe, agus seóid na srón, |
Chuir mé ceist uirthi: ‘Cé hé d'athair?’ ‘Mise iníon Bhatúél, mac a rug Milceá do Náchór,’ ar sí. Chuir mé an fáinne dá bhrí sin ar a srón agus na bráisléid ar a lámha.
agus bhain Forann an fáinne dá láimh féin agus chuir ar láimh Iósaef é agus chuir fallaing de línéadach mín air agus slabhra óir timpeall a mhuiníl.
Thángadar idir fhir agus mhná, a raibh sé de chroí acu, agus thugadar dealga agus fáinní agus bráisléid agus toirc agus seoda óir de gach sórt, a ofráil éigin óir á tíolacadh ag gach duine don Tiarna:
Buinní óir ar a lámha go n‑iliomad flannchloch. A chabhail mar an t‑éabann bán, agus í breac le saifírí.
Chuir mé fáinne ar do shrón, cluasfháinní ar do chluasa agus coróin niamhrach ar do cheann.
Ach dúirt an t‑athair lena sheirbhísigh: ‘Beirigí amach gan mhoill an éide is uaisle agus cuirigí air í, agus cuirigí fáinne ar a mhéar agus cuaráin ar a chosa,
Mar má thagann fear faoi fháinní óir agus é dea-ghléasta isteach in bhur dtionól, agus má thagann fear eile isteach agus é bocht agus gan ach drochéadach air,