Eaxodus 35 - An Bíobla Naofa 1981Sabóid 1 Chruinnigh Maois comhthionól uile chlann Iosrael agus dúirt leo: “Seo mar a d'ordaigh an Tiarna daoibh a dhéanamh: 2 Déantar saothar ar feadh sé lá; ach ar an seachtú lá, bíodh sabóid naofa, saoire shollúnta agaibh don Tiarna. Aon duine a dhéanann saothar ar bith an lá sin, cuirtear chun báis é. 3 Ná hadhnaigí tine ar bith ar aon tinteáin de bhur gcuid ar an tsabóid.” Na hÁbhair á gCruinniu don Sanctóir 4 Labhair Maois le comhthionól chlann Iosrael go léir: “Seo,” ar sé, “mar a d'ordaigh an Tiarna. 5 Cuirigí síntiús don Tiarna i leataobh ó bhur maoin. An fear croí mhóir tugadh sé mar ofráil chun an Tiarna: ór, airgead agus cré-umha, 6 ábhar gorm agus corcra agus craorag, agus línéadach mín cas, fionnadh gabhair, 7 seithí coirtithe reithe, sitím, 8 ola don solas, spíosraí don chriosma agus don túis chumhra, 9 clocha oinisce agus clocha lómhara le luí san éafód agus sa lúireach. 10 Gach fear agaibh ina bhfuil éirim, tagadh sé agus déanadh gach ar ordaigh an Tiarna: 11 an taibearnacal agus a bhoth agus a dhíon, a naisc agus a fhrámaí, a bhataí snadhma, a phollaí agus a cheapa, 12 an áirc lena cuaillí, cathaoir na trocaire, agus an fial a fholaíonn í; 13 an bord lena chuaillí agus a ghréithe agus arán na láithreachta; 14 an coinnleoir mar an gcéanna don solas, lena mbaineann leis, na lampaí agus an ola le lasadh; 15 altóir na túise lena cuaillí, an criosma agus an túis chumhra agus an scáthlán don doras ar an tslí isteach sa bhoth; 16 altóir an uileloiscthe lena gráta cré-umha agus lena cuaillí agus lena gréithe go léir, an t‑umar lena a bhonn; 17 brait na faiche, a pollaí agus a ceapa, agus an fial don gheata isteach san fhaiche; 18 pionnaí an taibearnacail agus pionnaí na cúirte agus a dtéada; 19 na héidí dea-fhite don tseirbhís san áit naofa agus an éide naofa d'Árón an sagart, agus éidí a mhac dá seirbhís sagartachta.” 20 Ansin d'imigh comhthionól uile chlann Iosrael ó láthair Mhaois. 21 Agus gach duine a raibh sé de phreab ina chroí, agus de sponc ina chuislinn, rud a thabhairt, thángadar lena síntiús don Tiarna le haghaidh Both na Teagmhála a dhéanamh, do na seirbhísí, agus do na héidí naofa. 22 Thángadar idir fhir agus mhná, a raibh sé de chroí acu, agus thugadar dealga agus fáinní agus bráisléid agus toirc agus seoda óir de gach sórt, a ofráil éigin óir á tíolacadh ag gach duine don Tiarna: 23 gach duine dár tharla aige ábhar gorm nó corcra nó craorag nó línéadach mín, nó fionnadh gabhair, nó seithí coirtithe reithe, nó seithí gabhair, thugadar leo iad. 24 Gach duine a d'fhéad ofráil airgid nó chré-umha a dhéanamh, thugadar chun an Tiarna iad mar ofráil; agus gach duine dár tharla aige adhmad sitím d'aon tairbhe don obair, thug sé leis é; 25 gach bean le héirim, d'fhíodar lena lámha, agus thugadar leo a raibh fite acu d'ábhar gorm agus corcra agus craorag agus de línéadach mín cas; 26 gach bean a raibh sé de chroí is d'éirim inti, luíodar le fí an fhionnadh gabhair; 27 agus thug na ceannairí clocha oinisce agus seoda le luí san éafód agus sa lúireach, 28 agus spíosraí agus ola don solas agus don chriosma agus don túis chumhra; 29 na fir agus na mná go léir a raibh sé de chroí acu rud éigin a thabhairt don obair a d'ordaigh an Tiarna trí Mhaois a dhéanamh, thugadar - clann Iosrael - é mar ofráil don Tiarna le lántoil. Ceardaithe don Sanctóir 30 Agus dúirt Maois le clann Iosrael: “Féach! roghnaigh an Tiarna ó ainm Bazalael mac Úirí mac Húr de threibh Iúdá. 31 Líon sé é le spiorad Dé, le cumas agus le héirim, le heolas agus le gach sórt ceardaíochta, 32 i gcomhair deartha ealaíonta agus saothair in ór agus in airgead agus i gcré-umha, 33 i gcomhair seoda a ghearradh dá leaba, adhmad a shnoí, agus gach sórt saothar ceirde. 34 Agus bhronn sé bua teagaisc airsean agus ar Ohoilíáb mac Aichíosámác de threibh Dhán. 35 Líon sé iad le héirim chun gach sórt saothair a dhéanamh a dhéanfadh ceardaí, nó dearaí, nó bróidnéir in ábhar gorm agus corcra agus craorag agus línéadach mín cas, nó fíodóir nó aon sórt saothraí nó dearaí oilte.” |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart