A Shléibhte Ghiolboa, Ná bíodh drúcht ná fearthainn oraibh. A bhánta fill! Óir is ansiúd a tugadh masla do sciath an laoich. Ní le hola a rinneadh sciath Shóil a smearadh,
Íseáia 21:5 - An Bíobla Naofa 1981 Tá an bord á chóiriú agus á chlúdach le héadach; táthar ag ithe agus ag ól... Suas libh, a cheanna feadhna! Smearaigí bhur sciath. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Gléasuidh an bórd, déanaidh furachus a ttor na faire, ithidh, ibhidh: éirghidhe, a phrionnsadha, ungaidh an scíath? |
A Shléibhte Ghiolboa, Ná bíodh drúcht ná fearthainn oraibh. A bhánta fill! Óir is ansiúd a tugadh masla do sciath an laoich. Ní le hola a rinneadh sciath Shóil a smearadh,
Ar an gcnocán sceirdiúil cuirigí comhartha in airde, crochaigí suas an ghairm slua. Bagraígí lámh orthu i leith chun go dtaga siad go geataí na n‑uaisle.
Bioraigí na saigheada, líonaigí na bolgáin! “Mhúscail an Tiarna spiorad rí na Méideach, óir tá plean aige in aghaidh na Bablóine, á milleadh; seo é díoltas an Tiarna, a chúiteamh mar gheall ar a Theampall.
An bhfuil fiabhras orthu? Ullmhóidh mise deoch dóibh agus tabharfaidh orthu a ól nó go dtiocfaidh orthu míogarnach agus codlóidh siad go síoraí, ní mhúsclóidh siad go deo - an Tiarna a labhraíonn.
“Tabharfaidh mé ar a huaisle agus ar a saoithe ól, ar a rialtóirí a feidhmeannaigh agus ar a fir troda; titfidh codladh síoraí orthu agus ní mhúsclóidh siad, a deir an rí, darb ainm Tiarna na Slua.”
Mura mbeadh agam ach aidhmeanna daonna nuair a chuaigh mé ag troid le beithígh allta in Eifeasas, cad é an tairbhe dom é? Más rud é nach n‑aiséiríonn na mairbh “bímis ag ithe agus ag ól mar go mbeidh an bás amárach againn.”