Íseáia 1:22 - An Bíobla Naofa 1981 Tá d'airgead i ndiaidh athrú ina shal, tá uisce trí do chuid fíona. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do rinneadh sal dot airgiod, atá thfion cumaisce le huisce: |
Conas a rinne striapach di, an chathair dhílis? Síón, a bhí lán de dhílseacht, mar a raibh an ceart ina chónaí, níl intí anois ach lucht dúnmharfa.
Tá do phrionsaí ina lucht ceannairce, le gadaithe atá a gcaidreamh. Tá gach aon duine cíocrach chun brabúis agus ag sodar i ndiaidh síneadh láimhe. Ní thugann siad a cheart don dílleachta, ná ní ghlaoítear cúis na baintrí choíche.
Síneann siad fúthu le hais pótairí. Níl teorainn lena gcuid striapachais, ach andúil dhoshásaithe acu sa drabhlás dínáireach.
Cad a dhéanfaidh mé leat, a Eafráim? Cad a dhéanfaidh mé leat, a Iúdá? Ní buaine bhur ngrá ná néal maidine, ná an drúcht a imíonn as radharc go luath.
Táimidne, mar ní ag mangaireacht bhriathar Dé a bhímidne dála a lán eile ach á fhógairt go dílis i gCríost i bhfianaise Dé, mar theachtaireacht ó Dhia.