Irimia 5:25 - An Bíobla Naofa 1981 Thóg bhur gcionta nithe maithe uaibh, ghiorraigh bhur bpeacaí na fabhair seo. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Dfilleadar bhur ccionta féin na neithesi uáibh, agus do chongmhadar bhur bpeacuidhe neithe maithe uáibh. |
Ach is iad bhur gcionta atá ina nduibheagán idir sibh agus bhur nDia. Thug bhur bpeacaí air a aghaidh a chlúdach ionas nach gcloiseann sé sibh.
Bíodh agus go bhfianaíonn ár n‑oilc inár n‑aghaidh, déan beart mar sin féin, a Thiarna, ar son d'ainm fein! Go deimhin is minic a bhíomar mídhílis, pheacaíomar i d'aghaidhse!
Sin é an fáth ar coinníodh siar na ceathanna, agus nach raibh fearthainn an earraigh ann. Agus choinnigh tú go dána ort d'aghaidh striapaí, b'fhada uait lasadh agus náire.
Thug d'iompar féin agus do ghníomhartha na nithe seo ort. Is í seo do chinniúint, agus is searbh í. Cé mar a shroicheann sé do chroí istigh!”
Cén fáth a ndéanfadh duine ar bith gearán, go háirithe an fear atá ann fós d'ainneoin a pheacaí?
Tá do phionósú curtha ar ceal, a iníon Shíón; ní dhíbreoidh sé thar tír amach thú choíche arís; ach smachtóidh sé thusa, a iníon Eadóm, de dheasca d'urchóide agus nochtfaidh sé do chuid peacaí.