Táthar ag dul suas go teampall Dhíobón, suas ar na hardáin chun caoineadh; ar Neabó agus i Maedabá tá Móáb ag olagón. Tá gach cloigeann bearrtha, gach féasóg lomtha;
Irimia 48:3 - An Bíobla Naofa 1981 Éist! Scairt ó Abáraím anall: ‘Creachadh! Anachain mhór!’ An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Biáidh guth a néighimh ó Horonaim, creachadh agus aidhmhilleadh mhór. |
Táthar ag dul suas go teampall Dhíobón, suas ar na hardáin chun caoineadh; ar Neabó agus i Maedabá tá Móáb ag olagón. Tá gach cloigeann bearrtha, gach féasóg lomtha;
Tá mo chroí ag éagaoin ar son Mhóáb, agus a uaisle ar teicheadh fad le Zoar. Och! fána Lúichít suas atá a dtriall agus iad ag caoineadh. Ar bhealach Horonáím tá siad ag gol go coscarthach.
Och! déanann an liúireach cuairt chríoch Mhóáb; fhad le hEaglaím tá a uailleach le cloisint, a uailleach fad le Béar Éilím.
Is ar an ábhar sin a deirim: “Iompaígí uaim go gcaoine mé go goirt; ná bígí ag brú sóláis orm i ndíothú iníon mo mhuintire.”
Bíodh an fear sin cosúil leis na bailte a scrios an Tiarna gan trócaire; go gcluine sé an scread ar maidin, agus an gháir chatha ar uair an mheán lae,
Is mar seo a deir an Tiarna: “Féach, cé mar éiríonn na huiscí ón tuaisceart; briseann siad ina dtuile thar bruach; báitear an tír agus gach a bhfuil ann, na bailte agus lucht a gcónaithe! Scairteann na fir in ard a gcinn, tá éamh le clos ó áitritheoirí uile na tíre,
“Tá éamh Heisbeon agus Eileálae le clos i Iahaz. Téann an screadach ó Zoar go Horónaím agus Eaglat Silísia, óir tá uiscí Nimrím ag éirí uaigneach anois.
Ag dul suas fána Lúichít dóibh, caoineann siad. Ag dul síos Horónaím cluintear gol: