Irimia 45:4 - An Bíobla Naofa 1981 Deir an Tiarna é seo: ‘Anois, brisim síos an rud a thóg mé; an rud a phlandaigh mé, tá mé á tharraingt aníos; [buailfidh mé an domhan] go hiomlán. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Is marso a déara tú ris, A dúbhairt an TIGHEARNA marso; Féuch, brisfidh mé síos an ní do chuir mé súas, agus an ní do phlannduigh mé taireonga mé a níos, eadhon an tírse go hiomlan. |
a réabadh aníos agus a leagan síos, a mhilleadh agus a scriosadh, a thógáil agus a phlandú.”
“Agus d'fhógair Tiarna na Slua, a chuir i dtalamh thusa, olc i d'aghaidh mar gheall ar choir theach Iosrael agus theach Iúdá do mo ghríosú chun feirge, as túis a loscadh do Bhál.”
Plandaíonn tú iad agus gabhann siad fréamh, fásann agus tugann siad toradh. Tá tusa i gcónaí ar a mbéal, ach i bhfad óna gcroí.
Agus faoi mar a bhí mé ag faire orthu uair amháin, a réabadh aníos agus a bhriseadh, a chaitheamh síos, a scrios agus a mhilleadh, is mar sin a bheidh mé anois, a thógáil agus a phlandú. An Tiarna a labhraíonn.”
Scrios sé an gairdín agus a bhoth; chreach sé a ionad teagmhála; i Síón chuir an Tiarna ar ceal an tionól féiliúil agus an tsabóid; le racht cuthaigh thug sé droim láimhe don rí agus don sagart araon.
Scriosfaidh mé a fíniúna agus a crainn fígí, a ndúirt sí fúthu: “Is iad seo an díolaíocht a thug mo leannán dom.” Déanfaidh mise mothar díobh, agus ní bheidh iontu ach bia beithíoch.
Faoi mar a rinne an Tiarna gairdeas ag bronnadh conáich agus ratha oraibh, sin mar a dhéanfaidh sé gairdeas do bhur scrios agus do bhur milleadh. Stoithfear sibh as an talamh a bhfuil sibh ag dul ann á shealbhú.