Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Irimia 43:4 - An Bíobla Naofa 1981

Ainneoin sin, níor umhlaigh Ióchánán mac Cháiréach agus ceannairí uile an airm agus an pobal uile do ghlór an Tiarna fanacht i dtír Iúdá.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Marsin níor úmbluigh Ionatan mhac Careah, agus uile chaiptíne na slógh, agus an pobal uile, do ghlór an TIGHEARNA, do chomhnuidh a ttír Iúdah.

Féach an chaibidil



Irimia 43:4
10 Tagairtí Cros  

Ansin chuir an dream go léir, idir bheag agus mhór, agus ceannairí na ndíormaí, chun bóthair chun na hÉigipte le heagla roimh na Caildéigh.


Ach chuir an rí isteach air ina chaint dó agus dúirt: “Ar cheapamar thú i do chomhairleoir don rí? Mura mian leat go mbásófaí thú, cuir uait an chaint sin!” Baineadh stad as an bhfáidh, ach ansin lean sé air: “Tá a fhios agam gur chinn Dia ar thú a scriosadh mar gur iompair tú thú féin mar seo agus gur dhiúltaigh tú éisteacht le mo chomhairle.”


Cuir do dhóchas sa Tiarna agus déan an mhaith, agus mairfidh tú sa tír go sábháilte.


Ar an ábhar sin is é a dúirt mé: Is fearr eagna ná neart. Mar sin féin déantar neamhní d'eagna an fhir bhoicht agus ní éistear lena bhriathra.


Ansin chruinnigh Ióchánán mac Cháiréach, agus ceannairí uile an airm a bhí ina fhochair, na daoine uile a thóg Ísmeáéil mac Natainiá leis as Miozpá tar éis dó Gadailiá mac Aichíceám a mharú: fir, mná agus leanaí, agus coillteáin a thug Ióchánán ar ais ó Ghibeón.


Agus anois d'fhoilsigh mé daoibh é, agus níor umhlaigh sibh do ghuth an Tiarna bhur nDia ná d'aon ní den mhéid a d'ordaigh sé dom a rá libh.


Chuir seisean fios ar Ióchánán mac Cháiréach agus ceannairí uile an airm a bhí in éineacht leis, agus an pobal uile ó bheag go mór.


Ach ní éisteoidís, ní mó a thabharfaidís aire, agus ligean dá n‑oilc agus gan túis a loscadh a thuilleadh do dhéithe éachtrannacha.