Rinne Peacach mac Ramailiá, a cheann feadhna, comhcheilg ina aghaidh agus threascair é sa tSamáir, i ndúnfort an pháláis (Argob agus Airié). Bhí leathchéad d'fhir Ghileád lena chois; mharaigh sé an rí agus tháinig i gcomharbacht air.
Irimia 41:7 - An Bíobla Naofa 1981 Ach níor luaithe i lár na cathrach iad ná gur mharaigh Ísmeáéil mac Natainiá iad, agus theilg isteach i dtobar iad - é féin agus a chuid fear. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus is amhluidh bhí, a nuáir thangadar go lár na ccaithreach, gur mharbh Ismael mhac Netaniah íad, agus do theilg íad a lár an luig, é féin, agus an mhuinntir do bhí iona fhochair. |
Rinne Peacach mac Ramailiá, a cheann feadhna, comhcheilg ina aghaidh agus threascair é sa tSamáir, i ndúnfort an pháláis (Argob agus Airié). Bhí leathchéad d'fhir Ghileád lena chois; mharaigh sé an rí agus tháinig i gcomharbacht air.
Caith do chúram ar an Tiarna agus déanfaidh sé taca duit; ní leomhfaidh sé go mbainfear barrthuisle as an bhfíréan go brách.
(Óir tá siad ar cosa in airde chun an oilc, agus deifir orthu le fuil a dhoirteadh.)
Ach tusa, tá tú caite amach as d'uaigh mar bheadh dramhaíl déistineach, ár agus coscairt chlaímh sa mhullach ort, agus tú ar chlocha na díge i do chosair chró.
Ritheann a gcosa chun an oilc, agus deifir orthu fuil neamhurchóideach a dhoirteadh. Bearta coiriúla is ea a mbearta, níl ach scrios agus slad ina ndiaidh aniar.
Tá na taoisigh léi istigh amhail mic tíre ag réabadh na creiche, ag doirteadh fola, ag marú daoine lena stór a ghoid.