Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Irimia 38:9 - An Bíobla Naofa 1981

“A thiarna, a rí,” ar sé, “rinne na fir seo olc agus a leithéid de bhail a chur ar an bhfáidh Irimia; theilg siad sa tobar é, áit a bhfaighidh sé bás (den ghorta mar nach bhfuil aon arán fágtha sa chathair).”

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Mo thighearna an rígh, do rinne an muinntírse uile olc ann gach ní dhá ndéarnadar ris an bhfáigh Ieremiah, noch do theilgiodar annsa ccarcair; gheabha se bás ré ocras annsa náit a bhfuil sé: óir ní bhfuil ní sa mhó darán annsa chathruigh.

Féach an chaibidil



Irimia 38:9
12 Tagairtí Cros  

An raibh eagla orm riamh roimh chúlghearradh an phobail Nó scéin roimh fhonóid ón aon teaghlach?


Tabharfaidh mé orthu feoil a mac agus a n‑iníonacha féin a ithe; íosfaidh siad a chéile i rith an léigir, sa chruóg lena gcúnglóidh a naimhde iad le fonn a maraithe.”


Ansin d'ordaigh Zidicíá an rí go gcuirfí Irimia i láimh i gCúirt an Gharda agus go dtabharfaidís dó gach lá bollóg aráin as Sráid na bhFuinteoirí chomh fada agus a bheadh arán fágtha sa chathair. Mar sin d'fhan Irimia i gCúirt an Gharda.


Ansin d'ordaigh an rí do Eibid Meilic an tAetóipeach: “Beir leat as seo triúr fear agus tarraing aníos Irimia fáidh as an tobar sula bhfaighe sé bás.”


chuaigh Eibid Meilic amach as an bpálás agus labhair leis an rí:


saorfaidh mé thusa an lá sin - is é an Tiarna a labhraíonn - agus ní thabharfar thú i láimh na bhfear a bhfuil eagla ort rompu.


Sa cheathrú mí, ar an naoú lá den mhí, nuair a bhí gorta ag réabadh roimhe sa chathair, agus gan bia ar bith ann don phobal,


Bíonn a muintir uile ag éamh agus arán á lorg acu; malartaíonn siad a n‑iarmhais ar bhia chun iad féin a neartú arís. “Féach, a Thiarna, agus breathnaigh ar an drochmheas a chaitear orm.


Chaith siad beo mé síos sa charcair agus dhún siad le cloch orm í.