Bíodh náire agus scéin go brách orthu; go n‑éaga siad faoi tháir agus tharcaisne!
Irimia 16:21 - An Bíobla Naofa 1981 “Éist anois, tabharfaidh mé orthu admháil, tabharfaidh mé orthu an uair seo mo lámh agus mo neart a admháil; agus aithneoidh siad ansin gurb é an Tiarna m'ainm.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ar a nadhbharsin, féuch, do bhéara mé orra a núairse aithniughadh, do bhéara mé orra mo lámh agus mo neart daithniughadh; agus aitheonuid síad gur bé an TIGHEARNA mainm. |
Bíodh náire agus scéin go brách orthu; go n‑éaga siad faoi tháir agus tharcaisne!
Tá na ciníocha slogtha síos sa chlais a rinneadar féin: sa líon a d'fholaigh siad féin a gabhadh a gcosa.
Ansin cruafaidh mé croí Fhorainn agus rachaidh sé sa tóir orthu agus bainfidh mé glóir amach de bharr Fhorainn agus a shlua; beidh a fhios ag na hÉigiptigh gur mise an Tiarna.” Rinneadar amhlaidh.
Thaispeánas mé féin d'Abrahám, d'Íosác, agus do Iacób faoin ainm ‘Dia Uilechumhachtach’; ach níor chuireas mé féin in aithne dóibh faoi m'ainm féin ‘an Tiarna.’
Óir is mise an Tiarna, do Dhia, Neach Naofa Iosrael, d'fhuascailteoir. Tugaim an Éigipt uaim mar luach d'fhuascailte, Cúis agus Saba mar éiric ionat.
“An Tiarna, an té a chruthaigh an talamh, a chum agus a dhaingnigh í - an Tiarna a ainm - deir sé é seo:
Beidh Eizicéil ina chomhartha daoibh. Déanaigí de réir mar rinne seisean. Nuair a thitfidh seo amach tuigfidh sibh gur mise an Tiarna Dia.’
An lá sin osclóidh do bhéal chun labhairt leis an bhfear ar a theitheadh; labhróidh tú agus ní bheidh tú balbh a thuilleadh. Beidh tú i do chomhartha dóibh agus tuigfidh siad gur mise an Tiarna.”
Imreoidh mé díoltas ar Eadóm le cuidiú mo phobail, Iosrael. Caithfidh siad le hEadóm de réir mo chuthach feirge agus aithneoidh cách gurb é mo dhíoltas é - an Tiarna Dia a labhraíonn.
Ba é a rinne an Phléadach agus Óiríon, a dhéanann solas de dhuibhe na hoíche agus a dhorchaíonn arís an lá, a ghaireann ar uiscí na farraige agus a dhoirteann amach iad ar dhromchla na talún; an Tiarna is ainm dó.