tairngreann na fáithe go bréagach, teagascann na sagairt ar a gcomhairle féin. Agus is maith le mo phobal é. Ach i ndeireadh na cúise, céard a dhéanfaidh sibh?
Irimia 11:9 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt an Tiarna liomsa: “Is follas go bhfuil feall i measc fir Iúdá agus i measc áitritheoirí Iarúsailéim. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dúbhairt an TIGHEARNA riomsa, Do fríth feall idir fhearuibh Iúdah, agus idir áitreabhthachuibh Ierusalem. |
tairngreann na fáithe go bréagach, teagascann na sagairt ar a gcomhairle féin. Agus is maith le mo phobal é. Ach i ndeireadh na cúise, céard a dhéanfaidh sibh?
Santaíonn gach aon díobh an brabach mí-ionraic, ón té is lú go dtí an té is mó; an sagart agus an fáidh araon, déanann siad uile bearta bréagacha.
Tabharfaidh mé mar sin a mná céile do fhir eile, a bhfearainn do shealbhóirí nua, óir gach aon díobh ón té is lú go dtí an té is mó, santaíonn sé an brabach mí-ionraic; an sagart agus an fáidh araon, cleachtaíonn siad caimiléireacht.
Amhail ropairí a dhéanann luíochán, bíonn slua sagart ag déanamh áir ar an mbóthar go Seicim; gan bhréag ar bith, is ainspianta a ngníomhartha!
De thoradh breabanna tugann a cinn urra breithiúnas; múineann a sagairt ar thuarastal agus déanann a fáithe fáistine ar airgead geal. Ach mar sin féin cuireann siad a muinín as an Tiarna agus deir siad: “Nach bhfuil an Tiarna inár measc? Ní thiocfaidh aon mhí-ádh orainn.”
agus dúirt: “Cad ab áil libh a thabhairt dom agus tabharfaidh mé ar láimh daoibh é?” Chomhair siad amach chuige tríocha píosa d'airgead geal.