Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Irimia 11:5 - An Bíobla Naofa 1981

le go gcomhlíonfar an mionn a thug mé do bhur n‑aithreacha, fearann a thabhairt dóibh le mil agus le bainne ina slaoda - mar atá sé inniu.” D'freagair mise: “Déanfaidh mé sin, a Thiarna.”

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Chor go ccoimhlíonfa mé na mionna thug mé dá bhur naithribh, fearann do thabhairt dóibh ag líonadh le mil agus lé bainne, mar atá sé a niugh. Annsin do fhreagair misi, agus a dúbhairt mé, Bíodh marsin, a THIGHEARNA.

Féach an chaibidil



Irimia 11:5
16 Tagairtí Cros  

Comhlíon más ea anois, a Thiarna, Dia Iosrael, na focail a labhair tú le do shearbhónta Dáiví m'athair.


Cuimhníonn sé ar a chonradh go brách, ar a ghealltanas go dtí míle glúin,


Dá bhrí sin, nuair a thabharfaidh an Tiarna isteach tú i dtír na gCanánach, agus na Hiteach, agus na nAmórach, agus na Hiveach, agus na Iabúsach, an tír a mhionnaigh sé a thabharfadh sé do d'aithreacha, tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda, bíodh an tseirbhís seo agat an mhí seo.


Déanfar áit adhlactha de Thoifit, d'uireasa spáis. Is amhlaidh sin a dhéanfaidh mé leis an áit seo - an Tiarna a labhraíonn. Agus déanfaidh mé an chathair seo mar Thoifit.


“Bíodh sé amhlaidh,” a dúirt Irimia fáidh. “Go gcomhlíona an Tiarna an tairngreacht a rinne tú, soithí Theampall an Tiarna agus na deoraithe uile a thabhairt ar ais ón mBablóin go dtí an áit seo.


Ansin thug tú an fearann seo dóibh a mhionnaigh tú a thabharfá dá n‑aithreacha, fearann le bainne agus mil ina slaoda.


Tá sé ráite agam libh cheana: Beidh a dtír mar oidhreacht agaibh, agus tabharfaidh mé seilbh daoibh air, tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda. Mise an Tiarna bhur nDia a scar sibh ó na ciníocha seo.


agus ná lig sinn i gcathú, ach saor sinn ó olc.


Más le do spiorad amháin a mholann tú conas a chuirfidh aon ghnáthdhuine “Amen” le d'altú nuair nach bhfuil a fhios aige cad atá tú a rá?


Éist mar sin a Iosrael agus féach chuige go gcuirfidh tú i ngníomh na nithe a chuirfidh conách agus rath go hiomarcach ort, faoi mar a gheall an Tiarna Dia do shinsear duit i dtír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda.