Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 13:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Dá bhrí sin, nuair a thabharfaidh an Tiarna isteach tú i dtír na gCanánach, agus na Hiteach, agus na nAmórach, agus na Hiveach, agus na Iabúsach, an tír a mhionnaigh sé a thabharfadh sé do d'aithreacha, tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda, bíodh an tseirbhís seo agat an mhí seo.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Agus teigéomhuidh á nuair bhéurus an TIGHEARNA sibh go crích na Gcanaaníteach, agus na Hititeach, agus na Namoriteach, agus na Hibhíteach, agus na Iebusiteách, noch do mhionnuigh sé dod aithribhsi go ttiubhradh dhuit, fearann fa thuile bhainne agus mheala, go gcoimhéadfuidh tú an tserbhísi ann sa míse.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 13:5
31 Tagairtí Cros  

Fan go fóill sa tír seo agus beidh mise farat agus cuirfidh mé mo bheannacht ort. Óir is duitse agus do do shliocht a thabharfaidh mé na dúichí seo go léir, agus comhlíonfaidh mé an mionn a thug mé do bhur n‑athair Abrahám.


Faoi dheireadh dúirt Iósaef lena dheartháireacha: “Táim i mbéal báis. Ach tiocfaidh Dia ag triall oraibh agus tabharfaidh sé suas sibh ón tír seo go dtí an tír a gheall sé faoi bhrí na mionn d'Abrahám, do Íosác, agus do Iacób.”


na Hivigh, na hArcaigh, na Suínigh,


Coimeádfaidh sibh an searmanas seo mar reacht daoibh féin agus do bhur gclann go brach.


Comhlíon an reacht seo gach bliain dá bhrí sin ag an am atá beartaithe dó. ”


“Nuair a thabharfaidh an Tiarna thú go dtír na gCanánach, rud a mhionnaigh sé duit féin agus do d'aithreacha a dhéanfadh sé, agus an tír a thabhairt duit,


agus chinn mé sibh a thabhairt amach as cruatan na hÉigipte agus isteach i dtír na gCanánach agus na Hiteach, na nAmórach agus na bPirizeach, na Hiveach agus na Iabúsach, i dtír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda.’


Tháinig mé anuas chun iad a fhuascailt as lámha na nÉigipteach agus chun iad a sheoladh as an tír sin isteach i dtír mhéith fhairsing, i dtír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda, i dtír na gCanánach agus na Hiteach, na nAmórach agus na bPirizeach, na Hiveach agus na Iabúsach.


Cuimhnigh ar Abrahám, ar Íosác agus ar Iosrael, do shearbhóntaí, dár mhionnaigh tú dar thú féin agus dár gheall tú: ‘Déanfaidh mé bhur síol chomh líonmhar le réaltaí neimhe, agus an tír seo go léir a gheall mé, tabharfaidh mé do bhur sliocht é agus beidh sé ina oidhreacht acu go síoraí.’ ”


Dúirt an Tiarna le Maois: “Fág an áit seo; imigh leat, tú féin agus an pobal a thug tú amach as tír na hÉigipte, agus téigh chun na tíre a mhionnaigh mé d'Abrahám, d'Íosác agus do Iacób leis na focail: ‘Tabharfaidh mé do do shíol é.’


Tabhair aird, más ea, ar a bhfuil á ordú agam duit inniu. Féach! tiomáinfidh mé amach romhat na hAmóraigh, agus na Canánaigh, na Hitigh agus na Pirizigh, na Hivigh agus na Iabúsaigh.


Dhaingnigh mé mo chonradh leo go dtabharfainn dóibh tír Chanán, an tír ina rabhadar ina ndeoraithe.


Agus seolfaidh mé sibh isteach sa tír a gheall mé a thabhairt d'Abrahám, agus d'Íosác agus do Iacób; tabharfaidh mé daoibh é mar shealús. Mise an Tiarna.’ ”


le go gcomhlíonfar an mionn a thug mé do bhur n‑aithreacha, fearann a thabhairt dóibh le mil agus le bainne ina slaoda - mar atá sé inniu.” D'freagair mise: “Déanfaidh mé sin, a Thiarna.”


Ansin thug tú an fearann seo dóibh a mhionnaigh tú a thabharfá dá n‑aithreacha, fearann le bainne agus mil ina slaoda.


An lá sin mhionnaigh mé dóibh go dtabharfainn liom iad as tír na hÉigipte go tír a cheap mé féin dóibh, tír a bhfuil bainne agus mil ina slaoda inti, tír a sháraíonn tíortha an domhain.


Tá sé ráite agam libh cheana: Beidh a dtír mar oidhreacht agaibh, agus tabharfaidh mé seilbh daoibh air, tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda. Mise an Tiarna bhur nDia a scar sibh ó na ciníocha seo.


An mise a ghin an mhuintir seo go léir? An mise a thug ar an saol iad a rá is go ndéarfá liom: ‘Beir leat i d'ucht iad mar a dhéanfadh buime le leanbh cíche - chun na tíre a mhionnaigh tú a thabharfá dá n‑aithreacha’?


Mar seo a dúradar: “Ghabhamar isteach sa tír inar sheol tú sinn; tá bainne agus mil ina slaoda ann, go deimhin, agus seo cuid dá thoradh.


‘Níor fhéad an Tiarna an mhuintir seo a thabhairt isteach sa tír a mhionnaigh sé a thabharfadh sé dóibh, agus dá bhrí sin rinne sé ár orthu san fhásach.’


mionnaim nach rachaidh duine isteach sa tír a mhionnaigh mé a thabharfainn mar áitreabh daoibh,


‘Ambasa nach bhfaighidh aon fhear den dream a tháinig amach as an Éigipt, atá fiche bliain nó breis, radharc ar an tír a gheallas d'Abrahám, d'Íosác, agus do Iacób. Óir níor leanadar mé go dílis -


“Nuair a dheanfaidh an Tiarna do Dhia na ciníocha mar a bhfuil tú ag dul á ndísealbhú a dhíothú romhat, agus nuair a bheidh siad díbeartha agat agus curtha fút agat ina dtailte ina n‑áit,


“Nuair a dhíothóidh an Tiarna do Dhia na ciníocha a dtugann an Tiarna do Dhia a bhfearann duit, agus go gcuirfidh tú as seilbh iad, agus dul chun cónaí ina gcathracha agus ina dtithe,


“Nuair a thiocfaidh tú isteach sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit mar oidhreacht, nuair a bheidh seilbh agat air agus tú i do chónaí ann,


“Nuair a sheolfaidh an Tiarna do Dhia thú isteach sa tír ina bhfuil tú ag dul le seilbh a thógáil air, agus a scriosfaidh sé a lán ciníocha romhat, na Hitigh, na Giorgáisigh, na hAmóraigh, na Canánaigh, na Pirizigh, na Hivigh, na Iabúsaigh, seacht gcine is mó agus is treise ná sibh féin,


Ghabh sibh thar an Iordáin ansin gur bhain sibh Ireachó amach. Chuir muintir Ireachó cath oraibh, rud freisin a rinne na hAmóraigh, na Pirizigh, na Canánaigh, na Hitigh, na Giorgáisigh, na Hivigh, na Iabusaigh; ach thug mé iad go léir ar láimh daoibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí