Ar a nadhbharsin is marso a deir TIGHEARNA na slógh, Féuch, smaichteocha misi íad: muirfighear na daóine óga ris an ccloidheamh; éugfuid a mic agus a ninghiona ré gorta:
Thug sé rí na gCaildéach ina gcoinne dá bhrí sin agus chuir siadsan a laochra óga chun báis le faobhar claímh i dteach a sanctóra, gan trua gan taise ar ógánach ná ar mhaighdean, ar sheanóir ná ar sheanduine cromtha. Thug Dia iad go léir ar láimh dó.
Ar an ábhar sin seachaid a gclann mhac don ghorta; tabhair suas iad do bhéal an chlaímh. Go raibh a mná céile gan sliocht, go bhfágtar ina mbaintreacha iad. Go n‑éaga a bhfir den phlá; go dtite a n‑ógánaigh leis an gclaíomh sa chath.
Smachtóidh mise an dream a chónaíonn i dtír na hÉigipte chomh dian céanna agus a smachtaigh mé Iarúsailéim, leis an gclaíomh, leis an ngorta agus leis an bplá.
Tá óg agus aosta ina luí ar an talamh sna sráideanna; tá m'ógfhir agus mo mhaighdeana tar éis titim le faobhar an chlaímh; tusa a mharaigh iad ar lá do dhíbheirge; rinne tú sléacht orthu gan trua.
Bhuail mé le haicíd sibh dála na hÉigipte, leag mé bhur n‑óigfhir leis an gclaíomh, agus rug mé bhur n‑eich uaibh, líon mé bhur bpolláirí le bréantas bhur gcampaí; ach mar sin féin níor fhill sibh orm, a deir an Tiarna.