Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 9:21 - An Bíobla Naofa 1981

21 Tháinig an bás suas chun ar bhfuinneog, agus rinne a bhealach isteach inar bpáláis; ghearr sé anuas na leanaí sa tsráid, na fir óga ar an bhfaiche.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 Oír tháinic an bás súas chum ar bhfuinnéog, agus do chuáidh sé a steach ann ar bpálásuibh, do ghearradh na cloinne amach ón tsráid, agus na ndaóine óg ó na sráidibh.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 9:21
17 Tagairtí Cros  

Thug sé rí na gCaildéach ina gcoinne dá bhrí sin agus chuir siadsan a laochra óga chun báis le faobhar claímh i dteach a sanctóra, gan trua gan taise ar ógánach ná ar mhaighdean, ar sheanóir ná ar sheanduine cromtha. Thug Dia iad go léir ar láimh dó.


Fiú an t‑aos óg, bíonn siad tuirseash traochta, agus baintear tuisliú as fir óga chomh maith.


Tá siad scagtha agam le gabhlán cáite i mbailte a dtíre. Bainim díobh a gclanna, díoscaim mo dhaoine óir diúltaíonn siad filleadh óna mbealaí.


Ar an ábhar sin seachaid a gclann mhac don ghorta; tabhair suas iad do bhéal an chlaímh. Go raibh a mná céile gan sliocht, go bhfágtar ina mbaintreacha iad. Go n‑éaga a bhfir den phlá; go dtite a n‑ógánaigh leis an gclaíomh sa chath.


Agus anois, is mar seo a labhraíonn an Tiarna, Dia na Slua, Dia Iosrael: ‘Cad chuige a dtabharfadh sibh an t‑anró céanna oraibh féin? An mian libh an uile dhuine idir fhir agus mhná, leanaí agus naíonáin a ghearradh amach as lár Iúdá, ionas nach bhfágfar fuíoll beo agaibh,


“Uime sin titfidh na hógánaigh léi ina sráideanna, agus éagfaidh a fir throda uile ar an lá sin - an Tiarna a labhraíonn.


Tá mé lán d'fhearg an Tiarna táim tuirseach de bheith á coinneáil istigh. “Doirt amach mar sin é ar na leanaí sa tsráid, agus ar oireachtas na n‑ógfhear in éineacht. Tógfar uile iad: an fear agus an bhean, an seanóir liath agus an té atá lán de laethanta.


Dá bhrí sin - mar seo a deir an Tiarna: ‘Cuirfidh mé cip thuislithe roimh an bpobal seo le go dtitfidh siad orthu; an t‑athair agus an mac in éineacht, an chomharsa agus an cara, caillfear iad uile.’ ”


beidh corpáin na ndaoine seo ina mbia ag éanlaith an aeir agus ag beithígh na talún, agus ní bheidh fear a ruaigthe ann.


Déanfar iad a spré i bhfianaise na gréine, na gealaí, agus slua neimhe uile, a b'ionúin leo agus dá ndearna siad fónamh, a lean siad, a n‑iarr siad comhairle orthu, agus a d'adhar siad. Ní chruinneofar ná ní adhlacfar arís iad ach beidh siad chun aoiligh ar chraiceann na talún.


Ionsaíonn siad an chathair, ritheann siad ar an mballa, dreapann siad suas ar na tithe agus déanann siad a mbealach isteach trí na fuinneoga ar nós gadaithe.


Tá an mhaighdean Iosrael ar lár, ní éireoidh sí níos mó; óir tá sí tréigthe ar a talamh féin agus gan aon duine lena tógáil aníos.


Agus má fhanann deichniúr fear in aon teach gheobhaidh siad bás.


Agus cuirfidh mé an oiread sin anró ar dhaoine go mbeidh siad ag amharcaíl rompu amhail daoine dalla, mar pheacaigh siad in aghaidh an Tiarna scaipfear a gcuid fola mar dheannach agus a gcuid feola mar aoileach.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí