Amos 4:10 - An Bíobla Naofa 198110 Bhuail mé le haicíd sibh dála na hÉigipte, leag mé bhur n‑óigfhir leis an gclaíomh, agus rug mé bhur n‑eich uaibh, líon mé bhur bpolláirí le bréantas bhur gcampaí; ach mar sin féin níor fhill sibh orm, a deir an Tiarna. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)10 Do chuir mé an phláigh bhur measg do réir ghnátha na Hégipte: do mharbh mé bhur ndaóine óga ris an ccloidheamh, agus rug mé bhur neich uáibh; agus thug mé air bhréantas bhur bhfoslongphort teacht súas chum bhur bpolláireadh: gidheadh níor fhilleabhair chugam, a deir an TIGHEARNA. Féach an chaibidil |
“Cén fáth,” arsa Hazáéil, “go bhfuil mo thiarna ag gol?” D'fhreagair sé: “Mar go bhfuil a fhios agam an urchóid a dhéanfaidh tú do chlann Iosrael; cuirfidh tú a ndaingin trí thine, cuirfidh tú a n‑ógánaigh chun báis le rinn claímh, stollfaidh tú a leanaí ina ngeireacha, agus scoiltfidh tú broinn a mban torrach.”
Ansin dúirt sé: “Má éisteann tú go cáiréiseach le glór an Tiarna do Dhia agus a bhfuil ceart ina láthair a dhéanamh agus aird a thabhairt ar a aitheanta agus a reachtanna a choimeád, ní dhéanfaidh mé aon cheann de na holca a d'imir mé ar na hÉigiptigh a imirt ort; mar is mise an Tiarna do shlánaitheoir.”