Ansin thug clann mhac Iosrael freagra ar Sheicim agus ar a athair Hamór, freagra cealgach mar gur thruailligh sé a ndeirfiúr Díneá.
Iósua 9:4 - An Bíobla Naofa 1981 bheartaíodar dul i mbun cneamhaireachta. D'imíodar agus fuaireadar lón agus thugadar leo seanmhálaí ar a n‑asail agus seanseichí fíona a bhí pollta ach iad deisithe; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do rinneadarsan go cealgach, agus do chúadar agus do léigeadar orra gur teachda íad, agus tugadar sean saic léo ar a nassaluibh, agus sean bhuidéil fhíona, briste, ceangailte súas; |
Ansin thug clann mhac Iosrael freagra ar Sheicim agus ar a athair Hamór, freagra cealgach mar gur thruailligh sé a ndeirfiúr Díneá.
“Táim do bhur gcur uaim ar nós caorach i measc faolchúnna; dá bhrí sin, bígí chomh géarchúiseach leis an nathair nimhe agus chomh macánta leis an gcolm.
Ná ní chuirtear fíon nua i seanseithí: má chuirtear, pléascann na seithí; agus sin an fíon doirte agus na seithí millte. Ach cuirtear fíon nua i seithí nua, agus bíonn siad araon slán.”
Ná ní chuirfeadh aon duine fíon nua i seanseithí: dá gcuirfeadh, phléascfadh an fíon na seithí, agus bheadh idir fhíon agus sheithí millte. Ach fíon nua i seithí nua!”
Agus mhol an máistir an maor mímhacánta mar go ndearna sé go géarchúiseach é; óir bíonn clann an tsaoil seo níos géarchúisí lena leithéidí féin ná clann an tsolais.
Siúd é ár n‑arán. Bhí sé te fós nuair a thógamar linn ónár dtithe é mar lón bóthair an lá a chuireamar chun siúil chun teacht in bhur láthair; ach anois féach go bhfuil sé briosc agus snas air.
Bhí na seithí fíona seo nua nuair a líonamar iad; féach tá siad pléasctha; tá ar gcuid éadaigh agus ár gcuaráin caite tar éis an aistir chomh fada sin atá curtha dínn againn.”
ar a gcosa bhí seanchuaráin chaite le cliatha iontu, agus an t‑éadach a bhí orthu bhí sé dreoite; an t‑arán go léir a bhí acu bhí sé briosc agus snas air.