Ar maidin, féach, is í Léá a bhí ann. Dúirt Iacób le Lábán: “Céard é seo atá déanta agat orm? Nach ar son Ráchael a rinne mé seirbhís duit? Cén fáth dá bhrí sin gur mheall tú mé?”
Iósua 9:22 - An Bíobla Naofa 1981 Chuir Iósua fios ar [mhuintir Ghibeón] agus d'fhiafraigh sé díobh: “Cad ab áil libh dár mealladh á rá go raibh cónaí oraibh i bhfad ó bhaile uainn nuair is anseo inár measc atá cónaí oraibh? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Agus do ghoir Iosua orra, agus do labhair sé riu, gha rádh, Cread far mheallabhair sinn, gá rádh, Atámoid ro fhada úaibh; a núair gurob eadruinn chomhnuighthí? |
Ar maidin, féach, is í Léá a bhí ann. Dúirt Iacób le Lábán: “Céard é seo atá déanta agat orm? Nach ar son Ráchael a rinne mé seirbhís duit? Cén fáth dá bhrí sin gur mheall tú mé?”
Ach faoi mar a mheall an nathair nimhe Éabha lena chuid glicis tráth, is é eagla atá orm go gclaonfar bhur smaointe agus go dtréigfidh sibh bhur nglandílseacht do Chríost.
Trí lá tar éis an conradh a dhéanamh leo fuarthas amach gur comharsana iad agus go raibh cónaí orthu i measc chlann Iosrael.
Chuadar go Iósua sa champa i nGilgeál agus dúradar leis-sean agus le muintir Iosrael: “Thángamar ón gcoigríoch; déanaigí conradh linn más eá.”