Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iósua 9:13 - An Bíobla Naofa 1981

Bhí na seithí fíona seo nua nuair a líonamar iad; féach tá siad pléasctha; tá ar gcuid éadaigh agus ár gcuaráin caite tar éis an aistir chomh fada sin atá curtha dínn againn.”

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus na buidéil si do líonamar dfíon, do bhádar núa; achd, féachuidh, atáid briste: agus íadso ar néaduighe agus ar mbróga atáid foirfe do bhrígh ar nastair rofhada.

Féach an chaibidil



Iósua 9:13
8 Tagairtí Cros  

Ná ní chuirtear fíon nua i seanseithí: má chuirtear, pléascann na seithí; agus sin an fíon doirte agus na seithí millte. Ach cuirtear fíon nua i seithí nua, agus bíonn siad araon slán.”


Ná ní chuirfeadh aon duine fíon nua i seanseithí: dá gcuirfeadh, phléascfadh an fíon na seithí, agus bheadh idir fhíon agus sheithí millte. Ach fíon nua i seithí nua!”


Ná ní chuireann aon duine fíon nua i seanseithí: má chuireann, pléascfaidh an fíón nua na seithí; doirtfear an fíon agus millfear na seithí.


Threoraigh mé san fhásach sibh ar feadh daichead bliain; ní dheachaigh caitheamh ar bhur gcuid éadaigh umaibh ná dreo ar do chuaráin faoi do chosa.


Siúd é ár n‑arán. Bhí sé te fós nuair a thógamar linn ónár dtithe é mar lón bóthair an lá a chuireamar chun siúil chun teacht in bhur láthair; ach anois féach go bhfuil sé briosc agus snas air.


Chaith na ceannairí an bia a rinneadar a thairiscint gan comhairle an Tiarna a lorg.


bheartaíodar dul i mbun cneamhaireachta. D'imíodar agus fuaireadar lón agus thugadar leo seanmhálaí ar a n‑asail agus seanseichí fíona a bhí pollta ach iad deisithe;


ar a gcosa bhí seanchuaráin chaite le cliatha iontu, agus an t‑éadach a bhí orthu bhí sé dreoite; an t‑arán go léir a bhí acu bhí sé briosc agus snas air.