Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iósua 8:4 - An Bíobla Naofa 1981

leis na horduithe seo: “Féach, téigí i luíochán ar an gcathair i leith a cúil, ach ina cóngar; bígí ar bhur n‑aire.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus do aithin sé dhíobh, ghá rádh, Féach, beithi a luigheachán re haghuidh na caithreach, táobh shíar don chathruigh: ná bíthí rófhada ón ccathrúigh, ach bithi uile réigh:

Féach an chaibidil



Iósua 8:4
14 Tagairtí Cros  

D'éirigh an rí gan é fós ina lá agus dúirt lena fheidhmeannaigh: “Inseoidh mé daoibh cad tá déanta ag na hArámaigh orainn. Tá fhios acu go bhfuil an gorta ag luí orainn, agus dá bharr sin d'fhágadar an longfort agus chuadar i bhfolach faoin tír á rá leo féin: ‘Nuair a thiocfaidh siad amach as an gcathair, déanfaimid iad a ghabháil ina mbeatha agus rachaimid isteach sa chathair.’ ”


Chuir Iarobám buíon i luíochán timpeall laistiar le hiad a ionsaí i leith a gcúil; bhí a shluaite ar bhéala Iúdá dá bhrí sin agus an luíochán ar a gcúla.


De bharr a chuid eagna is láidre an t‑eagnaí ná deichniúr rialtóir cathrach.


Ar an ábhar sin is é a dúirt mé: Is fearr eagna ná neart. Mar sin féin déantar neamhní d'eagna an fhir bhoicht agus ní éistear lena bhriathra.


Ach ná déansa rud orthu, mar tá breis agus daichead duine acu ag déanamh luíocháin air mar tá siad faoi gheasa gan bia ná deoch a chaitheamh nó go mbeidh sé curtha den saol acu. Tá siad ullamh anois chuige agus iad ag feitheamh le gealltanas uaitse.”


Glaodh ar a raibh sa chathair chun dul sa tóir orthu agus nuair a chuadar sa tóir ar Iósua d'fhágadar an chathair féin gan chosaint.


Ansin d'éirigh Iósua agus a lucht cogaidh go léir chun ionsaí a dhéanamh ar Háí. Thogh Iósua tríocha mile gaiscíoch agus sheol uaidh iad i gcoim na hoíche,


Chuir Iosrael fir i luíochán timpeall ar Ghibeá.


Ansin fágfaidh arm Iosrael a láithreacha agus cóireoidh siad iad féin in eagar catha ag Bál Támár; idir an dá linn, déanfaidh na hIosraelaigh atá i luíochán lastiar de Gheaba ruathar.”


Thuig clann Bhiniáimin ansin go raibh buaite orthu. Chuaigh arm Iosrael ar gcúl roimh Bhiniáimin mar go raibh muinín acu as an dream a bhí curtha i luíochán acu in aghaidh Ghibeá.


Mar olc air, chuir ceannairí Sheicim dream in eadarnaí ar mhullach na sléibhte agus chreachaidís aon duine a ghabh an treo. Insíodh é sin d'Aibímeilic.


Tar féin agus do lucht leanúna dá bhrí sin i gcoim na hoíche agus téigh in eadarnaí orthu sna bánta.


Seo mar a deir Tiarna na Slua: ‘Déanfaidh mé díoltas ar son a ndearna Amáiléic ar Iosrael nuair a chuir sé ina gcoinne agus iad ar an mbealach aníos as an Éigipt.


Tháinig Sól go cathair Amáiléic agus chuaigh in eadarnaí sa ghleann.